Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Sábháilteacht Pobail i mbun Gnímh

Sábháilteacht Pobail > Sábháilteacht Pobail i mbun Gnímh

An Ciste um Shábháilteacht Pobail

Is é is an Ciste um Shábháilteacht Pobail ann ná ciste deontas bliantúil a fhágann gur féidir na fáltais ó choireacht arna n-urghabháil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) agus ag an nGarda Síochána a dhíriú ar phobail chun cistiú a thabhairt do thionscadail áitiúla nuálacha a bhfuil mar aidhm leo pobail níos láidre agus níos sábháilte a thógáil.

Ó seoladh é sa bhliain 2022 i leith, tá tacaíocht tugtha ag an gCiste do 127 dtionscadal de chuid an Chiste um Shábháilteacht Pobail ar fud na hÉireann. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin gCiste um Shábháilteacht Pobail, lena n-áirítear liosta de na tionscadail rathúla de réir bliana.

Feachtais Sábháilteachta Pobail

Anseo i gCónaí

Always Here Campaign

Is é aidhm an Fheachtais “Anseo i gCónaí” feasacht a mhúscailt ar chonairí i dtreo sábháilteachta agus ar na tacaíochtaí atá ar fáil d’íospartaigh an fhoréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe.

Más íospartach foréigin baile nó ghnéasaigh thú, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat nach bhfuil tú i d’aonar – bíonn seirbhísí tacaíochta foréigin baile agus ghnéasaigh ó ghníomhaireachtaí Stáit agus ón earnáil dheonach ar fáil chun cabhrú leat.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bhfeachtas seo.

An Feachtas Náisiúnta Tinte Ealaíne

An 24 Meán Fómhair 2025, sheol an tAire Séamas Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, feachtas náisiúnta múscailte feasachta inniu chun rabhadh a thabhairt faoi na contúirtí tromchúiseacha arb iad tinte ealaíne neamhdhleathacha is cúis leo agus chun na pionóis dhiana a fhorchuirfear as iad a mhí-úsáid a chur in iúl roimh Oíche Shamhna.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin bhfeachtas seo.

An Clár Athstiúrtha Óige

Tá sé mar aidhm leis an gClár Athstiúrtha Óige daoine óga a bhí gafa le coireacht nó le hiompraíocht fhrithshóisialta a atreorú trí líonra de 106 Thionscadal Athstiúrtha don Óige ar fud an stáit. Tacaíonn na Tionscadail Athstiúrtha don Óige sin le breis agus 4,000 duine óg atá sainaitheanta mar dhaoine óga ‘atá i mbaol’ trí iarracht a dhéanamh iad a athstiúradh amach ón gcóras ceartais choiriúil.

Tá freagracht ar Bhiúró Náisiúnta Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána as formhaoirseacht agus forbairt a dhéanamh ar an gClár Athstiúrtha ar fud na tíre, ar clár é a cuireadh ar bhonn reachtúil faoi Chuid 4 d’Acht na Leanaí, 2001.

An Plean um Shábháilteacht Tuaithe 2025-2027

Rural_Safety_Plan

D’fhorbair an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, i gcomhar leis an bhFóram Náisiúnta um Shábháilteacht Tuaithe, an Plean um Shábháilteacht Tuaithe 2025-2027, rud a chomhlíonann gealltanas i gClár an Rialtais.

Seoladh an Plean i mí Mheán Fómhair 2025, agus tá sé bunaithe ar an gcéad Phlean um Shábháilteacht Tuaithe, lenar cumhdaíodh an tréimhse 2022-2024. Tar éis anailís a dhéanamh ar Phlean 2022-2024 agus tar éis caidreamh a dhéanamh leis an bhFóram, sainaithníodh ceithre phríomhréimse tosaíochta. Is iad sin:

  • Sábháilteacht agus Rannpháirtíocht an Phobail
  • Coireacht Maoine
  • Póilíneacht ar Bhóithre
  • Coireacht Ainmhithe agus Fiadhúlra

Faoi na Colúin sin, ghabh balleagraíochtaí an Fhóraim agus geallsealbhóirí iomchuí orthu féin tabhairt faoi 18 ngníomh a bhainfear amach trí 53 fhoghníomh.

Tacóidh an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce leis an gcur chun feidhme a dhéanfaidh an Fóram ar an bPlean ionas go mbeimid in ann leanúint de phobail shábháilte a thógáil ar fud cheantar tuaithe na hÉireann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat