Scrúduithe iarbháis
- Foilsithe: 18 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
- Cén fáth a bhféadfadh scrúdú iarbháis tarlú
- Cad a tharlaíonn le linn scrúdú iarbháis
- Cá fhad a thógann tuarascáil an Chróinéara
- Imscrúduithe coiriúla agus dara scrúduithe iarbháis
- Deonú orgán
- COVID-19
Cén fáth a bhféadfadh scrúdú iarbháis tarlú
Déanfaidh an Cróinéir cinneadh an mbeidh scrúdú iarbháis riachtanach más rud é:
- nach eol cúis an bháis
- go bhféadfadh cúis an bháis a bheith mínádúrtha
- go bhfuair an duine éagtha bás agus é/í faoi choinneáil an Stáit
Cad a tharlaíonn le linn scrúdú iarbháis
Is é is scrúdú iarbháis (nó uatóipse) ann ná scrúdú speisialta liachta ar chorp a ndéanann paiteolaí é chun cúis an bháis a fháil amach. Is é is paiteolaí ann ná dochtúir atá oilte chun a shainaithint an féidir gur tharla eachtra fhoréigneach, nó an bhfuil galar ann in orgáin agus fíocháin an duine éagtha. Is gnách go ndéantar iad sna hospidéil ollscoile mhóra is gaire nó ag saoráid an Phaiteolaí Stáit i mBaile Átha Cliath.
I roinnt cásanna, is féidir gur gá orgáin a choinneáil le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Má tharlaíonn sé sin, cuirfear na neasghaolta ar an eolas a luaithe is féidir. Déanfaidh an Cróinéir socruithe chun orgáin a thabhairt ar ais do bhaill teaghlaigh, más mian leo, le haghaidh adhlactha nó créamtha a luaithe a bheidh an scrúdú curtha i gcrích.
Cá fhad a thógann tuarascáil an Chróinéara
Is gnách go dtógann sé idir ceithre mhí agus sé mhí ar oifig an Chróinéara tuarascáil ar scrúdú iarbháis a fháil, ag brath ar an am a thógann sé chun tástálacha speisialaithe (lena n-áirítear tástálacha tocsaineolaíochta) a chur i gcrích.
Imscrúduithe coiriúla agus dara scrúduithe iarbháis
Má tá imscrúdú coiriúil ann, is féidir go mbeidh sé riachtanach dara scrúdú iarbháis nó tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh. Is féidir go dtiocfaidh moill ar scaoileadh an choirp agus ar na socruithe sochraide dá bharr.
Deonú orgán
Má chuir an duine éagtha in iúl go raibh sé de rún aige/aici a bheith ina d(h)eontóir orgán, agus má tá a b(h)ás intuairiscithe don Chróinéir, déanfaidh an Cróinéir cinneadh tapa faoi cé acu atá gá le scrúdú iarbháis nó nach bhfuil. Cuirfidh an Cróinéir mianta an duine éagtha san áireamh. Mar sin féin, is féidir nach mbeifear in ann deonú orgán a cheadú má tá gá le scrúdú iarbháis.
COVID-19
Cúis nádúrtha báis de bharr ionfhabhtaithe is ea COVID-19. In aon bhás a thuairiscítear do chróinéir i gcás gurbh é ionfhabhtú COVID-19 ba chúis leis an mbás, agus nach dtagann aon imthosca eile chun cinn, níl aon ghá ann le scrúdú iarbháis cróinéara. Eiseoidh dochtúir cóireála an duine éagtha an doiciméadacht fógra báis ionas gur féidir leis an teaghlach an bás a chlárú.
Sna cásanna neamhchoitianta ina dtagann imthosca eile chun cinn i ndáil le duine ar diagnóisíodh go bhfuil COVID-19 air/uirthi (amhail bás tionóisceach, bás arbh é/í an duine é/í féin ba chúis leis, nó bás amhrasach), ní mór scrúdú iarbháis a dhéanamh le dlí.