Ráiteas ón Aire Séamus Ó Ceallacháin chun fáilte a chur roimh Choimisinéir nua na nGardaí, Justin Kelly
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Meán Fómhair 2025
01 Meán Fómhair 2025
“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gCoimisinéir Justin Kelly agus é ag dul i mbun a róil. Táim ag súil le bheith ag obair go dlúth leis. Bhuail mé leis an gCoimisinéir Ó Ceallaigh inniu chun tosaíochtaí póilíneachta a phlé.
Tá ról Choimisinéir na nGardaí ar cheann de na poist cheannaireachta is dúshlánaí i seirbhís phoiblí na hÉireann, agus is mó a mbíonn tionchar aige ar chúrsaí, ach tugtar an deis leis an bpost, chomh maith, chun obair mhór agus difear mór a dhéanamh inár bpobail.
Mar Aire, leanfaidh mé orm ag déanamh infheistíochta in earcú Gardaí, agus i dtrealamh, feithiclí, teicneolaíocht agus áiseanna do na Gardaí, chun a chinntiú go bhfuil na huirlisí agus na daoine ag an nGarda Síochána atá ag teastáil uaidh chun a jab a dhéanamh go héifeachtach.
Guím gach rath ar an gCoimisinéir Ó Ceallaigh.’’
CRÍOCH