Tinte Ealaíne

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tinte Ealaíne


Ós rud é gur pléascáin iad, rialáiltear tinte ealaíne faoin reachtaíocht náisiúnta agus faoi reachtaíocht AE, agus ní féidir iad a allmhairiú isteach sa tír ach amháin faoi cheadúnas agus ní féidir iad a stóráil ná a dhíol ach amháin de réir an dlí maidir le pléascáin. Tá tinte ealaíne aicmithe de réir ceithre earnáil, ag brath ar an nguais a bhaineann leo agus ar cé acu a theastaíonn saineolas chun iad a úsáid nó nach dteastaíonn. Is í Earnáil 1 an earnáil is lú guais agus is í Earnáil 4 an earnáil is mó guais.

Ón 4 Iúil 2010 i leith, tá tinte ealaíne Earnáil 1 (guais an-íseal) ar díol leis an bpobal i gcoitinne ach níl na hearnálacha tinte ealaíne eile go léir ar fáil lena n-úsáid ach amháin i dtaispeántais eagraithe ag oibritheoirí gairmiúla. Bíonn ceadúnas allmhairithe ag teastáil ar an gcéad dul síos. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:

Fógra Faisnéise i dtaobh Tinte Ealaíne

Ní hé amháin go bhfuil tinte ealaíne contúirteach, ach tá feidhm ag dianphionóis choiriúla maidir leo freisin.

Ná déan dearmad go bhfuil ábhair phléascacha i dtinte ealaíne agus go bhféadfadh go mbeidís an-chontúirteach dá mbainfí mí-úsáid astu, go háirithe i gcás tinte ealaíne ardghuaise (amhail pléascóga, roicéid, tinte ealaíne coinnle Rómhánaí, tinte ealaíne císte/ceallra, nó sliogáin).

Bíonn ceadúnas allmhairithe ag teastáil le haghaidh gach cineáil tine ealaíne, agus is cion é tinte ealaíne neamhcheadúnaithe (seachas tinte ealaíne ísealghuaise amhail pléiscíní cóisire, spréachairí agus mar sin de) a shealbhú le hintinn iad a dhíol nó a sholáthar. Is féidir le fíneálacha suas le €10,000 agus/nó tréimhse príosúnachta suas le cúig bliana a bheith i gceist.

Is cion é aon tine ealaíne adhainte a chaitheamh nó a dhíriú ar dhuine nó ar mhaoin, agus is féidir le fíneálacha suas le €10,000 agus/nó tréimhse príosúnachta suas le cúig bliana a bheith i gceist.

Treoirdhoiciméid

Treoir Ghinearálta maidir le Tinte Ealaíne in Éirinn – Bileog Eolais Phoiblí – Arna hathbhreithniú an 22 Eanáir 2022
Amharc amharc
Treoir maidir leis na hOibleagáidí Dlíthiúla atá ar Allmhaireoirí, Dáileoirí agus Miondíoltóirí Tinte Ealaíne lena ndíol – Arna hathbhreithniú an 01 Nollaig 2020
Amharc amharc
Treoirdhoiciméad maidir le Taispeántais Phiriteicniúla Eagraithe – Arna athbhreithniú an 01 Nollaig 2020
Amharc amharc
Treoirdhoiciméad i dtaobh Earraí Piriteicniúla a Stóráil in Ionaid Mhiondíola agus Dáileacháin – Arna athbhreithniú an 01 Nollaig 2020
Amharc amharc
Nóta Faisnéise maidir le Tinte Ealaíne Earnáil 1 a Allmhairiú agus a Stóráil (pléiscíní cóisire, spréachairí, pléascóga caithimh, etc.)
Amharc amharc

Reachtaíocht AE

Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú)
Amharc amharc

Reachtaíocht Náisiúnta

I.R. Uimh. 174 de 2015 – Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Earraí Piriteicniúla a Chur ar Fáil ar an Margadh), 2015
Amharc amharc

Rabhadh Sábháilteachta

Tabhair an Rabhadh Sábháilteachta seo a leanas do d’aire, le do thoil, maidir le díol agus dáileadh earraí piriteicniúla lena n-úsáid ag cóisirí príobháideacha agus ag imeachtaí poiblí:

Rabhadh Sábháilteachta – Díol agus Dáileadh Earraí Piriteicniúla ag Eagraithe Siamsaíochta
Amharc amharc

Pléascáin a Stóráil

Mionsonraí teagmhála

Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil linn, le do thoil:

Ceadúnú agus Cigireachtaí Arm Tine agus Pléascán

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, DUBLIN, D02 HK52
Ríomhphost:

explosives@justice.ie

Teileafón:
01 8592279

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat