Cad is foréigean gnéasach ann
- Foilsithe: 20 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Feabhra 2026
- Banéigean
- Banéigean faoi Alt 4
- Tromionsaí Gnéasach
- Ionsaí Gnéasach
- Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí
- Ciorrú coil
- Ciorrú Ball Giniúna Ban
- Coireanna Gnéasacha Eile
- Ciapadh Gnéasach
Banéigean
Mínítear banéigean mar lánúnas collaí neamhdhleathach le bean nach dtoilíonn leis an lánúnas tráth a dhéanta, i gcás gurb eol don fhear nach dtoilíonn sí leis an lánúnas nó gur cuma leis í do thoiliú nó gan toiliú leis.
Chun críocha banéigin, ciallaíonn lánúnas collaí lánúnas faighne. De réir an mhínithe, ní dhéantar banéigean ach amháin nuair atá lánúnas collaí ag fear le bean gan a toiliú leis.
Banéigean faoi Alt 4
Mínítear é seo mar ionsaí gnéasach a fholaíonn treá (dá laghad é) na timpireachta nó an bhéil ag an bpéineas, nó treá (dá laghad é) na faighne ag rud ar bith atá i ngreim nó á ionramháil ag duine eile.
Tromionsaí Gnéasach
Is ionsaí gnéasach é seo a méadaítear a olcas le mór-fhoréigean nó le bagairt mhór-fhoréigin nó atá de shórt atá ina chúis le gortú trom, le huirísliú nó le táireadh de chineál tromaí don íospartach.
Ionsaí Gnéasach
Is ionsaí gnéasach é seo lena ngabhann leibhéal foréigin nach bhfuil chomh trom leis sin a ghabhann le tromionsaí gnéasach. Tá dhá chuid den chion sin: is gá go bhfuil ionsaí intinneach agus mothú mígheanais ann.
Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí
Ciallaíonn mí-úsáid ghnéasach leanaí cur ar leanbh, nó tabhairt ar leanbh, páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghnéasach, rud a bhíonn míchuí do leanbh i ngach cás. Áirítear na nithe seo a leanas le samplaí de mhí-úsáid ghnéasach leanaí:
- aon ghníomh gnéasach a dhéantar go hintinneach i láthair linbh
- cuireadh chun teagmháil ghnéasach, teagmháil intinneach nó ainteagmháil a dhéanamh le corp linbh, cibé acu ag duine nó ag rud chun críche macnais ghnéasaigh nó sásaimh ghnéasaigh
- glacaireacht i láthair linbh nó páirt a thabhairt do leanbh i ngníomh glacaireachta
- lánúnas collaí le leanbh, bíodh lánúnas béil, lánúnas faighne nó lánúnas timpireachta ann
- teacht i dtír gnéasach ar leanbh, rud a fholaíonn: Iarraidh ar leanbh, nó leanbh a spreagadh nó a chomhéigniú, páirt a ghlacadh i striapachas nó i bpornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh [mar shampla, taispeáint, mainicíneacht nó deasú a dhéanamh chun críocha macnais ghnéasaigh, sásaimh ghnéasaigh nó gnímh ghnéasaigh, lena n-áirítear é a thaifeadadh (ar scannán, ar fhístéip nó ar mheáin eile) nó íomhá a chúbláil, chun na gcríoch sin, ar ríomhaire nó ar mhodh eile]
- iarraidh ar leanbh, nó leanbh a chomhéigniú nó a spreagadh, amharc ar aon ghníomh gnéasach, míchuí nó graosta nó páirt a ghlacadh ann
- ábhar gáirsiúil a thaispeáint do leanaí, rud is gné den phróiseas ‘mealltóireachta’ ag déantóirí na mí-úsáide go minic
- ábhar míchuí nó drochídeach a nochtadh do leanbh trí theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide
- gníomhaíocht ghnéasach chomhthoiliúil lena mbaineann aosach agus duine faoi aois
Ciorrú coil
Is é is ciorrú coil ann ná lánúnas collaí idir fear agus a ghariníon, a iníon, a dheirfiúr nó a mháthair, nó lánúnas collaí idir bean agus a seanathair, a hathair, a deartháir nó a mac.
Ciorrú Ball Giniúna Ban
Mínítear ciorrú ball giniúna ban mar bhaint pháirteach nó iomlán na mball giniúna seachtrach ban, nó aon chleachtas lena n-athraítear nó lena ngortaítear na baill ghiniúna ban d’aon ghnó ar chúiseanna neamhliachta. Aithnítear an cleachtas ar fud an domhain mar shárú ar chearta an duine atá ag mná agus ag cailíní.
Coireanna Gnéasacha Eile
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur cion freisin é iarracht a dhéanamh a lán cionta coiriúla a dhéanamh nó cabhrú nó neartú le déanamh cionta den sórt sin, nó comhairliú do dhuine an céanna a dhéanamh, nó iad a thabhairt i gcrích nó duine a ghríosú lena ndéanamh.
Tá a lán coireanna gnéasacha eile ann, lena n-áirítear na coireanna um gháinneáil ar aosaigh nó ar leanaí chun críocha gnéasacha.
Ciapadh Gnéasach
Sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015, mínítear ciapadh mar iompar neamhiarrtha a bhaineann le haon cheann de na naoi bhforas idirdhealaitheacha. Is é is ciapadh gnéasach ann ná aon chineál iompair bhriathartha, neamhbhriathartha nó fhisiciúil neamhiarrtha de chineál gnéasach. Sa dá chás sin, mínítear é mar iompar arb í an aidhm nó an éifeacht atá leis dínit duine a shárú agus timpeallacht bhagrach, naimhdeach, tháireach, náireach nó mhaslach a chruthú don duine agus toirmisctear é faoi na hAchtanna. Is féidir gearáin maidir le ciapadh gnéasach a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.