Comóradh 10 mBliana ó Bhunú an Bhunachair Sonraí Náisiúnta DNA

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Comóradh 10 mBliana ó Bhunú an Bhunachair Sonraí Náisiúnta DNA

Image of a DNA strand.

Is é atá sa lá inniu ná 10 mbliana ó cruthaíodh bunachar sonraí náisiúnta DNA na hÉireann. Cuireadh imeacht ar siúl i gceanncheathrú Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann chun an comóradh a cheiliúradh.

Úsáidtear an bunachar sonraí mar fhoinse faisnéise le haghaidh imscrúduithe coiriúla, chun cabhrú le daoine ar iarraidh a aimsiú agus chun cabhrú le daoine anaithnide a shainaithint. Chabhraigh sé le 180 corp a shainaithint agus le 29 gcás lenar bhain daoine ar iarraidh sa bhliain 2025.

Ó bunaíodh é sa bhliain 2015 i leith, tá cúnamh tugtha ag an gcóras do 8,000 imscrúdú coiriúil, beagnach, ar bhain a bhformhór le buirgléireachtaí, le damáiste coiriúil agus le robálacha. Chomh maith leis sin, chabhraigh sé le himscrúdú a dhéanamh ar choireanna níos tromchúisí, lena n-áirítear dúnmharuithe, cionta gnéasacha agus foréigneacha, agus ionsaithe.

Tá breis agus 94,000 próifíl sa bhunachar sonraí anois agus leanfaidh cumas réitigh coireachta an bhunachair sonraí ar aghaidh ag fás de réir mar a fhásann an bunachar sonraí féin.

Bunaíodh an Bunachar Sonraí DNA faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014. Sonraítear san Acht gur féidir samplaí áirithe DNA a thógáil lena gcur leis an mbunachar sonraí DNA. Is í Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann a bhainistíonn an bunachar sonraí DNA.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat