An Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú
- Foilsithe: 25 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Chuir an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail ar siúl an tseachtain seo i mBaile Átha Luain agus i nGaillimh na chéad imeachtaí pearsanta i ndáil le forbairt a dhéanamh ar Straitéis Náisiúnta nua le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú. Bhí na seisiúin sin á gcomhóstáil ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil na hIarmhí agus ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe/Chathair na Gaillimhe. I measc an lucht freastail bhí daoine ó áiteanna chomh fada i gcéin le Dún na nGall, leis an gClár, leis an Longfort, agus le hUíbh Fhailí, chomh maith le go leor daoine ón limistéar áitiúil, a tháinig le chéile chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí an-bheoga an-idirghníomhach.
Is ann do go leor bealaí eile ar ar féidir leat do thuairimí ar fhorbairt na straitéise seo a chur in iúl, lena n-áirítear freastal ar thuilleadh imeachtaí comhairliúcháin pearsanta a chuirfear ar siúl thar an gcéad dá sheachtain eile agus aighneacht i scríbhinn a dhéanamh faoi am scoir gnó Dé hAoine an 28 Samhain. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise.