Ceiliúradh ar chultúir sa Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
- Foilsithe: 15 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Lúnasa 2025

Mar chuid dá mbeidh á dhéanamh ag an Roinn chun cur leis an Oíche Chultúir, beidh rochtain ag an nasc seo a leanas Dé hAoine an 19ú Meán Fómhair, ó 4pm ar aghaidh, ar fhíseán d’imeacht ina ndéanfar ceiliúradh ar oidhreachtaí cultúrtha éagsúla fhoireann na Roinne:
[beidh an nasc ar fáil ó 4pm ar an 19ú Meán Fómhair]
Beidh amhráin i bhFilipínis, i bhFraincis, i nGaeilge na Éireann agus i nGaeilge na hAlban, i mBéarla, i Laidin agus i Súlúis á gcanadh ag an ócáid, cuid acu á gcanadh ag cór-ghrúpa atá sa Roinn agus na cinn eile á gcanadh ag baill foirne aonair as an Roinn, ag canadh dóibh ina dteanga dhúchais féin i gcásanna áirithe, agus ag aoi-amhránaí.
Beidh na hamhránaíthe á dtionlacan ag baill foirne agus ag aoi-cheoltóir, agus beidh uirlisí ón bpíb uilleann agus ón gcláirseach ar láimh amháin go dtí an suirpeití ar an láimh eile á seinm acu. Seinnfidh na ceoltóirí don rince seit, chomh maith, á bheidh á rince ag cúigear ball foirne agus ag aoi-rinceoir, chun clabhsúr a chur ar an imeacht.
Déanfaidh roinnt ball foirne cur i láthair faoi éagsúlachtaí agus cosúlachtaí idir a gcultúr dúchais féin agus cultúr na hÉireann. Agus beidh cur i láthair gearr le Power-point ann, chomh maith, ‘From Home Affairs to Justice, Home Affairs and Migration’, faoi na hathruithe ar ainm na Roinne i gcaitheamh na mblian.
Is féidir dul i dteagmháil le Micheál Ó Cearúil ag mpocearuil@justice.ie má tá aon cheisteanna agat.