Seoladh Áireamháin Cothabhála Leanaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Seoladh Áireamháin Cothabhála Leanaí

Woman using the child maintenance calculator website.

Seoladh áireamhán cothabhála leanaí nuálach nua ar líne inniu chun cabhrú le tuismitheoirí teacht ar shocruithe maidir le híocaíochtaí cothabhála leanaí.

Tá seoladh an áireamháin ag teacht sna sála ar fhoilsiú an chéad tacair Treoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí de chuid na hÉireann riamh an mhí seo caite. Bhí forbairt na dtreoirlínte ina príomh-mholadh ón Athbhreithniú ar Fhorfheidhmiú Orduithe Cothabhála Leanaí, rud a rinneadh sa bhliain 2024.

Cad is cothabháil leanaí ann?

Is í is cothabháil leanaí ann ná an tacaíocht airgeadais thráthrialta a thugann tuismitheoir chun cabhrú le híoc as na costais atá i gceist le leanbh a thógáil. Is gnách go ndéantar an íocaíocht sin leis an tuismitheoir lena gcónaíonn an leanbh an chuid is mó den am.

Cad is áireamhán cothabhála leanaí ann?

Is é is áireamhán cothabhála leanaí ann ná áireamhán a chabhróidh le tuismitheoirí méid na cothabhála leanaí dá leanaí a ríomh. Cabhróidh sé le tuismitheoirí socruithe a dhéanamh go díreach nó le cabhair ó aturnae nó ó sheirbhís idirghabhála teaghlaigh.

Cé nach féidir cás gach duine aonair a chlúdach leis an áireamhán, is féidir leis pointe tosaigh a sholáthar do thuismitheoirí chun plé a dhéanamh leis an tuismitheoir eile.

Conas a ríomhfar cothabháil leanaí leis?

Meastar leis an áireamhán an méid cothabhála leanaí ba cheart a íoc trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • Ioncam incháilithe na beirte tuismitheoirí (ioncam comhlán lúide liúntas féinchothaithe agus asbhaintí i leith leanaí cleithiúnacha eile)
  • Cá mhéad ama tuismitheoireachta a bhíonn ag gach tuismitheoir
  • Aois(eanna) an linbh/na leanaí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat