Tá an Ciste um Shábháilteacht Pobail, 2026, seolta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Tá an Ciste um Shábháilteacht Pobail, 2026, seolta

Osclaíodh glao náisiúnta na bliana seo le haghaidh iarratais ar an gCiste um Shábháilteacht Pobail inniu.

A bhuí leis an gciste bliantúil, is féidir na fáltais ó choireacht a n-urghabhann an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) agus an Garda Síochána iad a athdhíriú ar thionscadail áitiúla a thacaíonn le sábháilteacht pobail agus a fheabhsaíonn í.

Is méadú suntasach é ciste na bliana seo, ar fiú €4.75 milliún san iomlán é, i gcomparáid leis an leithdháileadh tosaigh ab ionann agus €2 mhilliún a cuireadh ar fáil sa bhliain 2022.

Leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail:

  • Is féidir na fáltais ó choireacht a dhíriú ar thionscadail chun tacú le sábháilteacht pobail agus chun í a fheabhsú
  • Cinntítear go mbeidh rochtain ar an gcistiú a theastaíonn uathu ag na tograí is cuí chun sábháilteacht pobail a fheabhsú
  • Is féidir an dea-chleachtas maidir le sábháilteacht pobail agus le ceartas óige a chomhroinnt le comhpháirtíochtaí agus pobail eile ar fud na tíre de réir mar a fhorbraítear tograí nua
  • Baintear leas as a rathúla a bhíonn an Garda Síochána agus an Biúró um Shócmhainní Coiriúla maidir leis na fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil a urghabháil

I measc na dtionscadal a bhain tairbhe as an gciste roimhe seo bhí tionscnaimh:

  • A laghdaíonn an eagla roimh choireacht agus a fheabhsaíonn sábháilteacht pobail agus an méid a bhraitheann pobail go bhfuil siad sábháilte
  • A thacaíonn le pobail shábháilte athléimneacha a chruthú
  • A laghdaíonn an t-athchiontú
  • A athstiúrann daoine aonair leochaileacha amach ó ghabháil d’iompraíocht choiriúil.

Ó seoladh an Ciste sa bhliain 2022 i leith, tá cistiú faighte ag 127 dtionscadal san iomlán ar fud na tíre.

Déan Iarratas Anois

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat