Cruinniú trasteorann chun dul chun cinn a dhéanamh ar Operation Encompass

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Cruinniú trasteorann chun dul chun cinn a dhéanamh ar Operation Encompass

Tionóladh cruinniú trasteorann roimh rith na reachtaíochta lena gcumasófar Operation Encompass a thabhairt isteach.

Le Operation Encompass, déanfar soláthar do chomhroinnt faisnéise idir an Garda Síochána agus údaráis scoile chun cosaintí a neartú do leanaí atá buailte ag foréigean sa bhaile.

Is é atá i gceist le Operation Encompass ná próiseas um fhógra a thabhairt trína gcuirfidh an Garda Síochána scoil an linbh ar an eolas laistigh de 24 uair an chloig tar éis don Gharda Síochána freastal ar theagmhas foréigin baile i dteach an linbh. Déantar é sin chun a chinntiú go bhfuil baill foirne scoile ainmnithe ar an eolas gur fhulaing leanbh teagmhas foréigneach agus trámach agus, dá bhrí sin, gur féidir leo cúram breise agus tacaíocht bhreise a sholáthar don leanbh le linn an lae scoile.

I nDroichead Átha inniu, tháinig comhaltaí den Gharda Síochána agus de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, príomhoidí scoile, comhpháirtithe oideachais, agus oifigigh rialtais ó thuaidh agus ó dheas le chéile chun faisnéis agus ceachtanna a foghlaimíodh ó chur i bhfeidhm Operation Encompass ar fud Thuaisceart Éireann a mhalartú.

Rinneadh grinnscrúdú réamhreachtach ar an Scéim Ghinearálta an 20 Eanáir 2026.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat