An Pacáiste um Fhianaise Leictreonach
- Foilsithe: 26 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2026
Le reachtaíocht nua ón Aontas Eorpach a thiocfaidh i bhfeidhm i mbliana (2026), cuirfear oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse áirithe sonraí faoina n-úsáideoirí a thabhairt ar aird, bunaithe ar iarrataí dlíthiúla ó údaráis forfheidhmithe dlí.
Leis an Treoir maidir le Fianaise Leictreonach agus an Rialachán maidir le Fianaise Leictreonach, dá ngairtear Pacáiste an Aontais Eorpaigh um Fhianaise Leictreonach, cumasaítear d’údaráis i mBallstát amháin den Aontas Eorpach ordú a eisiúint chun an fhianaise leictreonach atá riachtanach le haghaidh imscrúdú coiriúil a thabhairt ar aird do sholáthraí seirbhíse ar líne iomchuí atá lonnaithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach.
I measc na gcineálacha soláthraithe seirbhíse a chumhdaítear leis an reachtaíocht tá na soláthraithe seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí ainmneacha fearainn Idirlín, seirbhísí uimhrithe PI, clárlann ainmneacha fearainn, agus seirbhísí eile sochaí faisnéise lena gcuirtear ar chumas a n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
Tá faisnéis faoi chlárú do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil oibleagáidí orthu faoin bPacáiste um Fhianaise Leictreonach ar fáil anois trí Bhunachar Sonraí Cúirteanna an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpróiseas sin ar ár suíomh Gréasáin anseo.
Ní mór do gach Soláthraí Seirbhíse iomchuí a thairgeann seirbhísí cáilitheacha san Aontas Eorpach (mar a mhínítear faoin Treoir maidir le Fianaise Leictreonach) bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil a chlárú chun iarrataí ar fhianaise leictreonach a fháil agus chun freagairt dóibh.
Tá tuilleadh faisnéise faoin bPacáiste um Fhianaise Leictreonach ar fáil anseo ar ár suíomh Gréasáin.