Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil
- Foilsithe: 4 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2026
Leis an bhFóram, tugtar Airí iomchuí de chuid an Aontais Eorpaigh, cuideachtaí teicneolaíochta agus saineolaithe le chéile chun plé a dhéanamh ar fhreagairtí do sceimhlitheoireacht, d’antoisceachas foréigneach agus d’ábhar neamhdhleathach ar líne agus na freagairtí sin a chur chun cinn.
Rinne Niall Collins TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas i leith an Aosa Óig, ionadaíocht d’Éirinn sa Bhruiséil inniu.
Ag an gcruinniú, d’fhormhuinigh na hAirí Creat Freagartha Géarchéime ar Líne athbhreithnithe de chuid an Aontais Eorpaigh chun ábhar ar líne a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta a bhaint go tapa. Tá an Creat nua sin bunaithe ar Phrótacal Fhóram Idirlín an Aontais Eorpaigh, rud a forbraíodh tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta Christchurch sa bhliain 2019, ar scaipeadh píosaí scannáin de go forleathan ar líne ag an am.
Áirítear leis an gCreat nua bearta breise chun a chumasú d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát foláirimh luathrabhaidh a chomhroinnt le comhaltaí eile d’Fhóram Idirlín an Aontais Eorpaigh i gcás ionsaí amhrasta sceimhlitheoireachta nó antoisceachais fhoréignigh. Is é an toradh a bheidh air sin ná go mbeifear in ann faireachán níos fearr agus gníomhaíocht níos tapa a dhéanamh i gcás go dtiocfaidh an cás chun bheith ina ghéarchéim ar líne.
Bhí dhá phlé cruinnithe comhchéime ag an gcruinniú freisin. Cuireadh tús leis an gcéad cheann díobh le láithreoireacht ón Ollamh Maura Conway (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus comhalta de Choiste Taighde Mhol Eolais an Aontais Eorpaigh) ar an tírdhreach bagairtí agus ar na rioscaí do mhionaoisigh a eascraíonn as sceimhlitheoireacht agus antoisceachas foréigneach ar líne.
Bíonn ag méadú ar an mbaint idir na rioscaí sin agus díobhálacha eile, amhail teacht i dtír, féindíobháil, mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus earcaíocht isteach i gcoireacht eagraithe. Bhí an láithreoireacht mar thús cainte don phlé cruinnithe comhchéime ar ghníomhartha nuálacha agus ar chomhar chun leanaí a chosaint ar bhealach níos fearr ar líne.
Cuireadh tús leis an dara seisiún cruinnithe comhchéime le láithreoireacht ó Sasha Havlicek, Comhbhunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na hInstitiúide um Idirphlé Straitéiseach, ar an méadú atá tagtha ar fhrith-Sheimíteachas agus ar fhuath frith-Mhoslamach ar líne. Phléigh airí agus ionadaithe tionscail ansin na gníomhartha atá á ndéanamh agus na gníomhartha is gá chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin go héifeachtach.