Cruinniú Aontais Eorpaigh inar pléadh an Imirce, an tSlándáil Inmheánach agus an Choireacht Eagraithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Cruinniú Aontais Eorpaigh inar pléadh an Imirce, an tSlándáil Inmheánach agus an Choireacht Eagraithe

Rinne Niall Collins TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas i leith an Aosa Óig, ionadaíocht d’Éirinn ag cruinniú d’Airí Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile na hEorpa, a tionóladh sa Chipir.

Phléigh na hairí cur chuige níos comhordaithe, níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla a thabhairt isteach i leith filleadh agus athimeascadh a sheoladh. Leagadh díriú ar leith ar thosaíocht a thabhairt do dhaoine aonair ar bagairt slándála iad nó a ciontaíodh i gcionta tromchúiseacha a thabhairt ar ais.

Pléadh freisin an gá atá leis an tslándáil inmheánach a neartú chun saorghluaiseacht shaoránaigh na hEorpa a chosaint agus chun cosc a chur ar ghluaiseachtaí tánaisteacha imirceach in Aontas atá saor ó theorainneacha.

Sainaithníodh gur cuid lárnach de dhul i ngleic le gníomhaíocht choiriúil é spriocdhíriú ar shócmhainní na ndaoine atá páirteach i gcoireacht eagraithe. Mhalartaigh na hairí tuairimí agus cleachtais náisiúnta maidir le conas aisghabháil sócmhainní a neartú i dtírdhreach airgeadais a bhíonn ag athrú i gcónaí, lena n-áirítear trí thuilleadh úsáide a bhaint as comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.

Rinne airí agus oifigigh láithreoireachtaí ar na cineálacha cur chuige náisiúnta a ghlacann siad i leith daoine óga a úsáideann drugaí a atreorú amach ón gcóras ceartais choiriúil, lena n-áirítear trí roghanna malartacha ar choinneáil a úsáid, ar roghanna malartacha iad a cruthaíodh a bheith éifeachtach. Rinneadh plé ina dhiaidh sin ar conas a d’fhéadfadh an tAontas Eorpach tacú leis na Ballstáit tionscnaimh den sórt sin a fhorbairt tuilleadh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat