Léiriú Spéise – Comhalta Éireannach ar an gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe de chuid Chomhairle na hEorpa
- Foilsithe: 16 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2026
Is é atá sa Choimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) ná comhlacht de chuid Chomhairle na hEorpa atá de chúram air ciníochas, seineafóibe, frith-Sheimíteachas agus éadulaingt a chomhrac san Eoraip i gcoitinne agus ó thaobh chosaint chearta an duine de.
Comhoibríonn ECRI le húdaráis bhallstáit Chomhairle na hEorpa, le húdaráis neamhspleácha atá freagrach as gníomhaíocht i gcoinne an chiníochais agus na héadulaingthe ar an leibhéal náisiúnta (comhlachtaí comhionannais), le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí, amhail an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe, agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip (ESCE), agus le gníomhaithe na sochaí sibhialta.
Is post cúig bliana é seo a thosóidh i samhradh na bliana 2026. Féadfar an ceapachán a athnuachan. Is é meán oíche an 17 Aibreán 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le léirithe spéise.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil anseo.