Tá Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann le tosú ar cheadúnais a eisiúint

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Tá Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann le tosú ar cheadúnais a eisiúint

Tosóidh Údarás Rialála Cearrbhachais na hÉireann ar cheadúnais gealltóireachta cianda agus pearsanta a eisiúint.

Le síniú an ordaithe um thosach feidhme, a thiocfaidh in éifeacht Déardaoin an 5 Feabhra 2026, cuirtear ar chumas an Údaráis tosú ar ghlacadh le hiarratais agus iad a phróiseáil, agus ar cheadúnais a eisiúint le haghaidh oibritheoirí gealltóireachta cianda agus pearsanta. Tosaítear leis freisin na sásraí forfheidhmiúcháin agus formhaoirseachta agus gearán is gá atá mar bhonn agus thaca ag an gcreat ceadúnúcháin nua. Ina theannta sin, tosaítear leis an ordú na hailt sin den Acht lena ndéantar reachtaíocht atá ann cheana ar an leabhar reachtanna a leasú nó a aisghairm. Go háirithe, aisghairfear Acht na Suimitheoirí, 1929, agus an tAcht um Gheall-Chur, 1931, leis.

Foráiltear leis an ordú freisin do thosach feidhme roinnt príomhbheart eile, lena n-áirítear:

  • toirmeasc a chur ar chártaí creidmheasa a úsáid mar mhodh íocaíochta le haghaidh cearrbhachais;
  • toirmisc ar ligean do leanbh cearrbhachas a dhéanamh nó a bheith fostaithe ag ceadúnaithe;
  • a chur ar chumas custaiméirí teorainneacha airgeadúla a shocrú ar an méid is féidir leo a chaitheamh ar líne nó go cianda ar chearrbhachas;
  • oibleagáidí ar cheadúnaithe fógra a thabhairt don Údarás faoi ghníomhaíocht amhrasach cearrbhachais;
  • oibleagáidí ar sholáthraithe cearrbhachais chianda leanaí a chosaint ar líne;
  • oibriú cuntas cearrbhachais ar líne a rialáil;
  • coimircí do shealbhóirí cuntais, amhail cumas an Údaráis chun teorainn a chur leis an méid airgid a fhéadfar a thaisceadh le ceadúnaí; agus
  • oibleagáidí a bhaineann le dúnadh cuntas agus le haisíocaíochtaí airgid.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat