Athchóirithe suntasacha ar an gcóras Ceartais Teaghlaigh
- Foilsithe: 22 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
D’fhógair an tAire Ó Ceallacháin mionsonraí inniu maidir leis an bPlean Cur Chun Feidhme le haghaidh Acht na gCúirteanna Teaghlaigh, 2024. Mar thoradh orthu sin, déanfar roinnt de na hathchóirithe is suntasaí ar an gcóras ceartais teaghlaigh riamh i stair an Stáit.
Le hAcht na gCúirteanna Teaghlaigh, 2024, tabharfar isteach athruithe tábhachtacha ar sholáthar an cheartais teaghlaigh in Éirinn.
I measc na n-athruithe sin, beidh sainbhreithiúna lánaimseartha a chuirfear chun déileáil leis an dlí teaghlaigh laistigh de rannáin nua cúirteanna teaghlaigh, a mbeidh Príomh-Bhreitheamh nua i gceannas ar gach ceann díobh, agus an fhéidearthacht ann iarratais ar cholscaradh a sholáthar ar leibhéal na Cúirte Dúiche agus ar leibhéal na Cúirte Cuarda araon.
Tá tús curtha cheana féin le céim pleanála atá tiomnaithe don bhunobair riachtanach a dhéanamh le haghaidh Céim 1 a chur chun feidhme, agus beidh sí ar siúl go dtí deireadh na bliana seo. I dteannta chur chun feidhme gach céime, déanfar meastóireacht agus beachtú chun bonn eolais a chur faoin gcur chuige a ghlacfar i leith na gcéimeanna ina dhiaidh sin.
Leis an bPlean Cur Chun Feidhme (an Plean), foráiltear do chur chuige céimnithe agus do na chéad chéimeanna is gá chun an tAcht a chur chun feidhme. Tá sé beartaithe go rachfar ar aghaidh leis an gcur chun feidhme i dtrí chéim:
Céim 1
- Tosóidh Céim 1 i mí Eanáir 2027. Roghnófar trí láthair ar dtús chun tosú ar fheidhmiú mar chúirteanna teaghlaigh sa chóras nua. Beidh Cúirt Dúiche Teaghlaigh, Cúirt Chuarda Teaghlaigh agus Ard-Chúirt Teaghlaigh ag teastáil ó na láithreacha.
- Cuirfear breithiúna a bhfuil saineolas ar leith acu ar dhéileáil le teaghlaigh agus ar nithe dlí teaghlaigh chuig na chéad láithreacha cúirte sin ar bhonn lánaimseartha.
- Le linn na céime sin, sainaithneofar an chéad sraith eile suíomhanna, soláthrófar oiliúint don spriocfhoireann, agus reáchtálfar feachtais faisnéise agus feasachta le cleachtóirí.
- Déanfar meastóireacht chuimsitheach chun a chinntiú go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin go pras.
Céim 2
- Meastar go gcuirfear tús le Céim 2 i mí Eanáir 2028. Cuirfear rannáin bhreise cúirteanna teaghlaigh leis na rannáin sin a bheidh ag feidhmiú ó Chéim 1.
- Leanfar leis na hullmhúcháin don chur i bhfeidhm deiridh chuig na láithreacha eile sa tríú céim.
- Is féidir go mbeidh sé i gceist leis an tosú céimnithe go mbeidh próisis áirithe ag teacht i bhfeidhm ag amanna difriúla, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann oiliúint agus acmhainn dhigiteach a chur ar bun de réir mar is gá agus foghlaim ó thorthaí an phróisis meastóireachta.
Céim 3
- I gCéim 3, cuirfear an tAcht chun feidhme ina iomláine agus tá sé beartaithe go gcuirfear tús léi i mí Eanáir 2029.
- Cuirfear rannáin bhreise cúirteanna teaghlaigh leis na rannáin a bhí ag feidhmiú ó chéimeanna roimhe seo agus cuirfear breithiúna breise, mar aon le baill foirne tacaíochta, chuig cúirteanna teaghlaigh ar bhonn lánaimseartha.
- Le linn na céime deiridh, ba cheart aon aisghairm dheiridh agus aon fhorálacha ionaid deiridh dá bhforáiltear sa reachtaíocht a ullmhú agus a thosú.