Tá Treoirlínte Breithiúnacha maidir le Tuarascálacha Saineolaithe sa Dlí Teaghlaigh foilsithe
- Foilsithe: 16 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
Foilsíodh inniu Treoirlínte Breithiúnacha maidir le Coimisiúnú, Ullmhú, Ábhar agus Úsáid na dTuarascálacha Saineolaithe in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh.
Bhí forbairt na dtreoirlínte ina príomh-mholadh ón Athbhreithniú ar an Ról atá ag Tuarascálacha Saineolaithe sa Phróiseas Dlí Teaghlaigh, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2024. Bunaíodh coiste trasdlínse Breithiúna a bhí faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Onóraigh Nuala Jackson chun na treoirlínte a ullmhú.
Is féidir na Treoirlínte Breithiúnacha maidir le Coimisiúnú, Ullmhú, Ábhar agus Úsáid na dTuarascálacha Saineolaithe in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh a rochtain ag an nasc seo a leanas: Courts.ie - Treoirlínte Breithiúnacha maidir le Coimisiúnú, Ullmhú, Ábhar agus Úsáid na dTuarascálacha Saineolaithe in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh, 2026