Cur i bhfeidhm náisiúnta Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Cur i bhfeidhm náisiúnta Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla

Tá 36 Chomhpháirtíocht Sábháilteachta san iomlán á mbunú ar fud na tíre i ngach limistéar údaráis áitiúil, agus 30 comhalta ar a mhéad ag gach ceann díobh. Tá comhaltaí ceaptha anois chuig 34 Chomhpháirtíocht Sábháilteachta agus tá a gcruinnithe tionscnaimh tionólta ag 31 cheann díobh, ar lena linn a thogh siad a gCathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach. Táthar ag súil go mbunófar na Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla eile faoi dheireadh mhí Feabhra.

Ar an leibhéal áitiúil, imreoidh Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail ról lárnach maidir le sábháilteacht pobail a fheabhsú ar fud na tíre i gcomhar leis an nGarda Síochána, le cónaitheoirí áitiúla, le hionadaithe tofa, le gnólachtaí, leis an earnáil pobail agus dheonach, agus le gníomhaireachtaí stáit.

Ag labhairt dó ag an gcéad chruinniú náisiúnta de Chathaoirligh, Comhordaitheoirí agus Riarthóirí na gComhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a tionóladh sa Roinn Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile inniu, spreag an tAire Séamus Ó Ceallacháin na comhaltaí chun an deis seo a thapú chun difear dearfach a dhéanamh don tsábháilteacht ina bpobal.

Leis an mbonneagar tacaíochta, mar atá an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, na Cathaoirligh faoi seach agus foireann na Comhpháirtíochta Sábháilteachta Pobail Áitiúla, cabhrófar le gach Comhpháirtíocht Sábháilteachta cur chuige straitéiseach a ghlacadh i leith déileáil le saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht pobail.

Tá an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail i gceannas ar an gcéad Straitéis Náisiúnta le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú a fhorbairt. Osclaíodh suirbhé poiblí an 5 Feabhra 2026 agus dúnfar é an 27 Feabhra 2026.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin suirbhé sin agus chun páirt a ghlacadh ann.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat