Tionscadail Nua Athstiúrtha Óige don Chlár Thoir agus do Thiobraid Árann Thuaidh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Tionscadail Nua Athstiúrtha Óige don Chlár Thoir agus do Thiobraid Árann Thuaidh

Sheol an tAire Stáit Niall Collins Tionscadal Athstiúrtha Óige DERG go hoifigiúil inniu, rud a sholáthróidh tacaíochtaí feabhsaithe do dhaoine óga agus do theaghlaigh sa Chlár Thoir agus i dTiobraid Árann Thuaidh.

Is é atá i dTionscadal Athstiúrtha Óige DERG ná leathnú suntasach na seirbhísí ceartais óige sa réigiún, tar éis Tionscadal Athstiúrtha Óige DEN, ar thionscadal a bhí ann cheana é, agus Tionscadal Forbartha Óige an Chláir Thoir, ar thionscadal nuabhunaithe é, a chónascadh ag deireadh na bliana 2025.

Oibreoidh an tionscadal ó dhá bhunáit, mar atá an tAonach agus Cill Dalua, agus freastalóidh sé ar dhobharcheantar ina gcónaíonn thart ar 62,750 duine.

Oibríonn tionscadail athstiúrtha óige le daoine óga atá i mbaol a bheith páirteach in iompraíocht fhrithshóisialta nó choiriúil, agus tacaíonn siad leis na daoine óga sin roghanna dearfacha a dhéanamh agus fanacht amach ón gcóras ceartais choiriúil.

Is é Foróige a oibríonn Tionscadal Athstiúrtha Óige DERG agus is í an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce a chistíonn é. Don bhliain 2026, fuair an tionscadal €570,037 chun tacú le foireann ina bhfuil ochtar oibrithe Ceartais Óige a sholáthraíonn idirghabhálacha spriocdhírithe éagsúla. I measc na gcionta ba choitianta bhí gadaíocht, damáiste coiriúil, ionsaí, agus cionta a bhaineann le trácht.

Cabhróidh an tionscadal seo le tacaíochtaí luath-idirghabhála a sholáthar do leanaí idir ocht mbliana d’aois agus 11 bhliain d’aois atá i mbaol a bheith páirteach in iompraíocht fhrithshóisialta amach anseo, in éineacht le seirbhísí tiomnaithe tacaíochta teaghlaigh, rud a léiríonn sainchúram leathnaithe na dtionscadal athstiúrtha óige faoin Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig 2021-2027.

Oibreoidh Tionscadal Athstiúrtha Óige DERG i ndlúth-chomhpháirt leis an nGarda Síochána, le scoileanna áitiúla, le heagraíochtaí pobail agus le seirbhísí reachtúla eile chun freagairt chomhordaithe a sholáthar do chiontú óige sa réigiún.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat