Nuacht maidir le Sábháilteacht Pobail
- Foilsithe: 25 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
Sábháilteacht Pobail > Nuacht maidir le Sábháilteacht Pobail
24 Meán Fómhair 2025 | Seoltar an Feachtas Náisiúnta Tinte Ealaíne
D’fhreastail Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail inniu ar an seoladh a rinne an tAire Ó Ceallacháin ar fheachtas náisiúnta nua feasachta a spriocdhíríonn ar mhí-úsáid tinte ealaíne neamhdhleathacha.
Seoladh an feachtas i gcomhoibriú leis an nGarda Síochána, le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe (ISPCA), le Cumann na hÉireann um Madraí Treorach, agus le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Leis an bhfeachtas, tugtar rabhadh an athuair faoi na rioscaí tromchúiseacha a ghabhann le tinte ealaíne neamhdhleathacha agus faoi na pionóis dhiana a ghabhann le mí-úsáid a bhaint astu.
16 – 18 Meán Fómhair 2025 | Baill foirne na hOifige Náisiúnta i láthair ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta
Beidh baill foirne na hOifige Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail i láthair ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ón 16 Meán Fómhair go dtí an 18 Meán Fómhair 2025, agus tá siad ag fiafraí den phobal faoina dtuairimí ar shábháilteacht pobail mar ullmhúchán d’fhorbairt a dhéanamh ar Straitéis Náisiúnta nua le haghaidh Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú. Tá siad ag tabhairt cuireadh do dhaoine teacht agus bualadh leo ag Bloc 4, Stalla 293. Más ag freastal ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta atá tú, téigh ina dtreo chun bualadh leo más mian leat.
30 Meitheamh 2025 | Cead Tugtha do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla Nua a Bhunú ar Fud na Tíre
Tá Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, tar éis rialacháin a shíniú a thiocfaidh i bhfeidhm inniu (Dé Luain, an 30 Meitheamh) agus lena bhforálfar do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a bhunú i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud na tíre.
Ar an leibhéal áitiúil, imreoidh comhpháirtíochtaí sábháilteachta pobail ról lárnach maidir le sábháilteacht pobail a fheabhsú ar fud na tíre i gcomhar leis an nGarda Síochána, le cónaitheoirí áitiúla, le gnólachtaí agus le gníomhaireachtaí stáit.
7 Aibreán 2025 | Seoladh an Chiste um Shábháilteacht Pobail 2025
Sheol an tAire Séamus Ó Ceallacháin an Ciste um Shábháilteacht Pobail Dé Luain an 7 Aibreán 2025. Leis an gCiste, is féidir na fáltais ó choireacht arna n-urghabháil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) agus ag an nGarda Síochána a dhíriú ar thionscadail áitiúla sábháilteachta pobail a thacaíonn le sábháilteacht pobail.
Tá €4m ar fáil le haghaidh deontais idir €20,000 agus €150,000.