Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Deireadh curtha le hAchomhairc maidir le diúltuithe áirithe víosaí gearrfhanachta

Fógraíodh inniu go gcuirfí deireadh leis an gceart achomhairc maidir le diúltuithe áirithe víosaí gearrfhanachta (cineál C). Faoin athrú sin, ní bheidh iarratasóirí a ndiúltaítear víosa gearrfhanachta dóibh in ann a thuilleadh achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin. Beidh feidhm ag an mbeart maidir le gach víosa gearrfhanachta (cineál C), cé is moite d’iarratais ó náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme na Treorach ón Aontas Eorpach maidir le Saorghluaiseacht.

Beidh feidhm fós ag an gceart achomhairc maidir le gach diúltú lena mbaineann víosaí fadfhanachta (cineál D). Áirítear leo sin gach catagóir teaghlaigh (seachas cuairteanna ar bhaill teaghlaigh), iarratais ar víosa fostaíochta, agus víosaí staidéir fhadtéarmaigh. Níl aon athrú tagtha ar an bpróiseas achomhairc do na víosaí sin.

Meastar gurb é an toradh a bheidh ar an mbeart sin ná go mbeidh oifigigh achomhairc in ann díriú ar achomhairc níos casta maidir le víosaí fadfhanachta (cineál D), rud a laghdóidh na hagaí próiseála le haghaidh na n-iarratas sin. Toradh eile a bheidh air is ea go dtacófar le hath-leithdháileadh acmhainní ar fud na bhfoirne próiseála víosaí, rud a mhéadóidh an éifeachtúlacht fhoriomlán agus a rannchuideoidh go dearfach le córas imirce na hÉireann agus lena mórgheilleagar.

Faoin socrú nua, is féidir le hiarratasóirí ar diúltaíodh dá n-iarratas ar víosa gearrfhanachta iarratas nua a chur isteach, agus na cúiseanna leis an diúltú bunaidh á gcur san áireamh. Leis sin, beidh iarratasóirí in ann cinneadh a fháil ar bhonn níos tapa ná mar a bheadh amhlaidh dá mbeadh siad ag fanacht le próiseáil an achomhairc.

Beidh an t-athrú in éifeacht ón 1 Meitheamh 2026 ar aghaidh. Aon chinntí inar diúltaíodh d’iarratas ar víosa gearrfhanachta (cineál C) agus a eisíodh roimh an dáta sin, beidh siad fós incháilithe le haghaidh achomhairc faoi na socruithe atá ann cheana. Ní bheidh cinntí a eiseofar ar an dáta sin nó ina dhiaidh incháilithe le haghaidh achomhairc a thuilleadh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat