Treisiú leis an gcumas chun patrúin amhrasacha aerthaistil a bhrath

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Treisiú leis an gcumas chun patrúin amhrasacha aerthaistil a bhrath

Leis na leasuithe ar an mBille um an Dlí Coiriúil agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2026, treiseofar le cumas na hÉireann chun patrúin amhrasacha taistil a bhrath agus chun coirpigh agus sceimhlitheoirí atá ag feidhmiú laistigh den Aontas Eorpach agus ag taisteal go hÉirinn agus amach aisti d’aer a shainaithint.

Faoi láthair, ní bhaineann sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí ach amháin leo siúd atá ag eitilt go hÉirinn ó áiteanna lasmuigh den Aontas Eorpach agus atá ag eitilt amach as Éirinn. Leis na leasuithe, laghdófar an bhearna slándála sin agus cinnteofar go mbeidh córas Taifead Ainmneacha Paisinéirí na hÉireann ailínithe le breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hÚsáid Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí, agus rialuithe dochta ar úsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí á bhforfheidhmiú an athuair.

Baineann na leasuithe leis an gcóras reachtúil lena gcumasaítear d’Aonad Faisnéise Paisinéirí na hÉireann laistigh den Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a phróiseáil.

Uirlis forfheidhmithe dlí a úsáidtear go forleathan san Aontas Eorpach agus in áiteanna eile is ea sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a bhailiú agus a anailísiú.

Ina theannta sin, is é atá i sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí ná faisnéis a soláthraíonn paisinéirí í, ar faisnéis í a bhailíonn aerlínte agus a choimeádtar i gcórais áirithinte agus rialaithe imeachta na n-aerlínte chun a gcríoch tráchtála féin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat