Ráiteas ón Aire Ó Ceallacháin maidir le Staitisticí Coireachta Taifeadta na Príomh-Oifige Staidrimh, 2025
- Foilsithe: 31 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2026
Le foilsiú na Staitisticí Coireachta Taifeadta do 2025 ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, soláthraítear anailís thábhachtach ar threochtaí coireachta ar fud na tíre agus cuirtear ar ár gcumas patrúin agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint chun freagairt go héifeachtúil agus go cuí dóibh.
Cuirim fáilte roimh an laghdú leantach sa bhliain 2025 ar an líon eachtraí coireachta taifeadta i gcás fhormhór na gcionta.
Tá tionchar suntasach ag infheictheacht mhéadaithe na nGardaí inár gcuid cathracha agus pobal ar laghdú na coireachta agus ar a chinntiú go mothaíonn daoine den phobal go bhfuil siad sábháilte. Ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag an bpobal go leanfar leis an mbeartas rialtais arb éard é póilíneacht réamhghníomhach ard-infheictheachta a sholáthar ar fud na tíre.
Díol suntais sna figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh inniu is ea an laghdú 13% ar bhuirgléireacht agus cionta gaolmhara agus an laghdú 11% ar robáil agus cionta gaolmhara. Tá ríméad orm fáilte a chur roimh laghdú 25% ar an líon dúnmharuithe agus cionta gaolmhara agus roimh laghdú 9% ar an líon cionta gnéasacha a tuairiscíodh.
Táim ag moladh i gcónaí d’aon duine a ndearnadh ionsaí gnéasach air nó uirthi, nó a ndearnadh coir ar bith air nó uirthi, fiú, an méid sin a thuairisciú.
Tá an laghdú leantach ar choireacht maoine ina léiriú ar an rath gan fasach atá bainte amach ag an nGarda Síochána maidir le buirgléireacht a laghdú agus a chosc trí Oibríocht Thor. Sna 10 mbliana ó thosaigh Oibríocht Thor, tá laghdú tagtha ar bhuirgléireacht agus cionta gaolmhara ar an iomlán. Maidir le leibhéal na mbuirgléireachtaí cónaithe le linn mhíonna an gheimhridh, ó mhí Dheireadh Fómhair go mí an Mhárta, tá laghdú 75% tagtha air ó thosaigh Oibríocht Thor sa bhliain 2015 i leith, rud ar laghdú thar a bheith suntasach é.
Léirítear sna figiúirí go bhfuil méadú beag tagtha ar chionta arm. Mar sin féin, dhearbhaigh Coimisinéir an Gharda dom go bhfuil an Garda Síochána i riocht maith chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin agus go bhfuil sé tiomanta do dhéanamh amhlaidh ionas go gcuirfimid stop le haon arm, go háirithe gunnaí, a bheith ag teacht isteach in Éirinn.
Mar aon le forfheidhmiú, tá gá ann le straitéisí fadtéarmacha fianaisebhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an choireacht scine mar chuid de fhreagairt straitéiseach níos leithne don iompraíocht fhrithshóisialta, don fhoréigean sráide, don chiontú ógánach, agus don fhoréigean baile.
Tá mo roinn ag déanamh dul chun cinn ar idirghabhálacha spriocdhírithe trí thionscadail athstiúrtha óige a oibríonn go díreach le ciontóirí óga agus, ar leibhéal pobail níos leithne, trí Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla a chur i bhfeidhm i ngach limistéar Údaráis Áitiúil.
Tá an Garda Síochána ag déanamh bearta réamhghníomhacha chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trína straitéis laghdaithe ionsaithe, rud lena spriocdhírítear ar gach cineál ionsaithe i measc an phobail, lena n-áirítear úsáid sceana.
Cé go léirítear san eisiúint ón bPríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil laghdú beag tagtha ar an líon eachtraí calaoise, tugaim do m’aire nach bhfuil eachtraí ar thuairiscigh Institiúidí Airgeadais iad ar áireamh sna sonraí sin. Mar gheall ar an méadú ar an líon eachtraí calaoise a thuairiscigh an Garda Síochána le déanaí, dhearbhaigh an Coimisinéir dom go bhfuil na himscrúduithe sin á n-acmhainniú go hiomlán agus go bhfuiltear ag déanamh dlúthfhaireachán ar threochtaí atá ag teacht chun cinn. Mholfainn d’aon duine atá ag déanamh gnó íogair nó pearsanta ar líne nó ar an bhfón a bheith thar a bheith cúramach agus airdeallach.
Leanann an Garda Síochána de chur chuige póilíneachta réamhghníomhaí a ghlacadh i leith gach coire agus gach ciona, agus é ag freagairt do na mílte glaonna gach lá agus ag cothabháil sábháilteacht pobail. Ba mhaith liom aitheantas agus moladh a thabhairt don obair ríluachmhar a dhéanann Gardaí ar fud an Stáit.
Tá an Rialtas tiomanta dá chinntiú go mbeidh fáil ag an nGarda Síochána ar na hacmhainní a theastaíonn uaidh chun ár bpobail a choinneáil slán, agus cistiú gan fasach is ionann agus €2.74 billiún á sholáthar le Buiséad 2026.