Cothabháil a Aisghabháil ón gCoigríoch

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Cothabháil a Aisghabháil ón gCoigríoch

< Rochtain ar Cheartas < Cothabháil a Aisghabháil ón gCoigríoch

Gníomhaíonn an rannán Athchóirithe Dlí Shibhialta mar Údarás Lárnach in Éirinn le haghaidh cothabháil a aisghabháil ón gcoigríoch. Is iad seo na príomhdhlíthe lena rialaítear an réimse sin:

Ionstraimí idirnáisiúnta agus Aontais Eorpaigh

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cothabháil a Aisghabháil thar lear, an 20 Meitheamh 1956

Síníodh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cothabháil a Aisghabháil thar lear (Coinbhinsiún Nua-Eabhrac) i Nua-Eabhrac an 20 Meitheamh 1956. Tá an Coinbhinsiún sin ceaptha chun cabhrú le haisghabháil cothabhála ag duine (iarratasóir/creidiúnaí) atá ina chónaí nó ina cónaí i dtír amháin i gcoinne duine (freagróir/féichiúnaí) atá ina chónaí nó ina cónaí i dtír eile.

Cuireadh Coinbhinsiún Nua-Eabhrac chun feidhme isteach i ndlí na hÉireann leis an Acht Cothabhála, 1994 (arna leasú).

Chun go mbeidh iarratasóir in ann iarratas a dhéanamh ar chothabháil a aisghabháil faoin gCoinbhinsiún, ní foláir don fhéichiúnaí a bheith ina chónaí nó ina cónaí i dtír atá ag glacadh páirt sa Choinbhinsiún.

Seo é liosta iomlán de na tíortha atá ag glacadh páirt sa Choinbhinsiún.

Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forghníomhú cinntí agus comhar i dtaca le nithe a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála

Is é aidhm an Rialacháin Cothabhála foráil a dhéanamh do chothabháil a aisghabháil laistigh den Aontas Eorpach.

Tá sé mar chuspóir leis cabhrú leis an gcreidiúnaí cothabhála (iarratasóir) ordú a fhéadfar a fhorghníomhú ar fud an Aontais Eorpaigh a bhunú go héasca agus go tapa, agus é a bhunú in aisce sa chuid is mó de chásanna. Déantar an méid sin leis trí fhoráil a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna maidir leis an dlí is infheidhme, aitheantas, forghníomhú, comhar agus doiciméid chaighdeánaithe, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, etc. Cumhdaítear leis oibleagáidí cothabhála a eascraíonn as caidreamh teaghlaigh, as tuismíocht agus as pósadh.

Mar thoradh air, beidh duine a bhfuil ordú a tugadh i gcúirt Éireannach aige nó aici le haghaidh cothabháil a íoc in ann aisghabháil an mhéid sin a lorg i dtír eile den Aontas Eorpach. Beidh an tseirbhís chéanna ar fáil dóibh sin i mBallstáit eile atá ag iarraidh aisghabháil cothabhála i gcoinne féichiúnaithe (freagróirí) atá ina gcónaí in Éirinn.

Cheap gach Ballstát a Údarás Lárnach féin, a chomhoibreoidh lena chéile maidir le hiarratais a fháil agus a tharchur chuig an údarás eachtrach iomchuí.

Is féidir leat amharc ar chóip den Rialachán ón gCoimisiún Eorpach anseo.

Is féidir leat freisin amharc ar fhoirmeacha iarratais i ndáil le cothabháil a aisghabháil idir tíortha den Aontas Eorpach agus na foirmeacha sin a íoslódáil.

Iarratas a dhéanamh ar oibleagáidí cothabhála a bhunú/a fhorfheidhmiú

Conas iarratas a dhéanamh:

Féadfaidh aon duine ar mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar chothabháil lasmuigh den dlínse seo iarratas a dhéanamh tríd an Údarás Lárnach in Éirinn, ar choinníoll gur páirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe nó sa Rialachán ón gComhairle í an tír ina bhfuil an féichiúnaí ina chónaí nó ina cónaí.

Más rud é go mbíonn aon cheisteanna agat agus/nó gur mian leat iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála a bhunú/a athrú/a fhorfheidhmiú, is féidir foirm iarratais a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Údarás Lárnach in Éirinn tríd an ríomhphost, thar an teileafón nó i scríbhinn:

An tÚdarás Lárnach le haghaidh Aisghabháil Cothabhála ón gCoigríoch

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
Ríomhphost:

mainrecov@justice.ie

Teileafón:
+353 1 859 2232

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach oifig dhlíthiúil é an tÚdarás Lárnach agus nach bhféadfaidh sé aon chomhairle dlí a sholáthar. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le gairmí dlí a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha aige nó aici má theastaíonn comhairle dlí uait.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat