Sábháilteacht do Phobail
- Foilsithe: 1 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2024
< Dlí agus Ceart - A nDéanaimid <Sábháilteacht do Phobail
Baineann Sábháilteacht Pobail le daoine a bheith sábháilte, agus a bhrath go bhfuil siad sábháilte, ina bpobail féin. Tá níos mó i gceist le Sábháilteacht Pobail ná póilíneacht thraidisiúnta ard-infheiceachta agus aithníodh sa tuarascáil ón gCoimisiún ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn nach faoin nGarda Síochána agus an Roinn Dlí agus Cirt amháin atá sé an choireacht agus an díobháil a chosc agus ár bpobail a dhéanamh níos sábháilte, ach go dteastaíonn cur chuige uile-Rialtais ina leith.
Tá an Roinn Dlí agus Cirt i gceannas ar roinnt tionscnamh beartais Sábháilteachta Pobail:
- Comhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil
- An Ciste Nuálaíochta um Shábháilteacht Pobail
- An Fóram ar Iompar Frithshóisialta
- Cur chuige pobalbhunaithe chun dul i ngleic le mí-úsáid rothar streachailte / cuadrothar
- Plean Forfheidhmithe Dhroichead Átha
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar ár suíomh gréasáin atá tiomnaithe do Shábháilteacht Pobail.
Naisc Thapa
- Ráiteas Straitéise agus Plean Gníomhaíochta na Seirbhíse Promhaidh, 2021-2023
- Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh
- Ard-Stiúrthóir Sheirbhís Phríosúin na hÉireann
- Scéim Ghinearálta an Bhille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail
- Póilíneacht Pobail
- Líon na nGardaí Pobail, 2008 go mí Eanáir 2019