An Plean Dlí agus Cirt 2021 arna fhoilsiú ag an Aire McEntee
- Foilsithe: 22 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2023
- Luaitear níos mó ná 200 beart, a chuirfear i bhfeidhm as seo go ceann bliana, sa Phlean Dlí agus Cirt 2021
- Plean maidir le córas dlí agus cirt a fhóireann don uile dhuine le leasú bliain i ndiaidh bliana
- Leagfaidh an tAire McEntee béim ar Athchóiriú ar an Dlí maidir le Foréigean Teaghlaigh, Foréigean Gnéis agus Foréigean Inscne agus ar Shábháilteacht an Phobail
- Cuirfear clár oibre Digiteach ó Thús i bhfeidhm san Earnáil Dlí agus Cirt ionas gur áisiúla agus gur cóiriúla na seirbhísí ag an lucht úsáide
D'fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, inniu an Plean Dlí agus Cirt 2021 ina leagtar amach 240 beart chun córas dlí agus cirt a oibríonn don uile dhuine a thabhairt i bhfeidhm.
Tá an plean seo ar an gcéad cheann de shraith pleananna bliantúla a bheidh á dtabhairt i bhfeidhm ag an Aire ar mhaithe le hathchóiriú ar an Earnáil Dlí agus Cirt.
Cuirfear obair thábhachtach a bhfuil tús curtha léi cheana féin ag an Aire McEntee agus ag an Roinn Dlí agus Cirt chun cinn faoin bPlean Dlí agus Cirt 2021, na gnéithe seo a leanas san áireamh:
- Treisiú leis an Íospartach, an plean d'fhonn cuidiú le híospartaigh agus le finnéithe a bheadh i mbaol i gcásanna maidir le foréigean gnéis, a chur i bhfeidhm go hiomlán
- Seirbhís Póilíneachta na Linne Seo Romhainn a chur i bhfeidhm ionas go dtugtar chun críche cóiriú an Gharda Síochána ina sheirbhís póilíneachta de scoth an domhain
- Córas nua a chur ar bun maidir leis na Cúirteanna Teaghlaigh chomh maith le leasú ar ghnás na cúirte ionas go mbíonn an córas dlí níos airdeallaí maidir le riachtanais an teaghlaigh
- Córas nua maidir le Sábháilteacht an Phobail a chur ar bun le cur chuige ilghnéitheach
- Dlíthe níos géire chun tabhairt faoi choireacht na ndrong agus chun an ceangal a bhriseadh idir na dronga agus na daoine óga is mó atá i mbaol
Dúirt an tAire McEntee,
“Leis an bPlean Dlí agus Cirt 2021 agus na bearta a bheidh á gcur i bhfeidhm agam i mbliana chun tús a chur leis an gclár athchóirithe agus leasúcháin, leagtar amach an bealach atá romhainn chun córas dlí agus cirt a chur ar bun a fhóireann don uile dhuine. Próiseas bliantúil a bheidh anseo feasta le bearta sonracha á leagan amach gach bliain a thabharfar i gcrích de réir clár docht ama i rith na bliana dár gcionn.
“Chomh maith lena chinntiú go mbíonn daoine slán sábháilte, tá de dhualgas orainn sa Roinn Dlí agus Cirt modh cothrom áisiúil a chur ar fáil trínar féidir an ceart agus an cóir a thabhairt i gcrích; seasamh leis an íospartach agus leis an bpobal; agus caitheamh le teann measa leo sin a fhéachann le tearmann a fháil sa tír seo nó le cónaí inár measc.
“Seasamh leis na daoine atá ag braith orainn ó lá go lá i mbun a gcuid gnó, saol an teaghlaigh nó saol an phobail, agus leo sin a mbíonn call acu le beart báúil tuisceanach uainne ag am géarchéime agus anró.
“Tagann an córas dlí agus cirt i gceist le gnéithe éagsúla de shaol na ndaoine. Is féidir tabhairt faoi athchóiriú ardaidhmeannach a chur ar bun chun córas dlí agus cirt a thabhairt chun cinn a chuireann le feabhsú an tsaoil in Éirinn. Córas Dlí agus Cirt a fhóireann don Uile Dhuine.”
Tá an Plean Dlí agus Cirt 2021, chomh maith le Ráiteas Straitéise trí bliana don Roinn Dlí agus Cirt, bunaithe ar chúig cinn de chuspóirí príomhthábhachtacha. Seo a leanas na cuspóirí sin agus roinnt de na bearta sonracha a dhéanfar ar mhaithe lena dtabhairt i gcrích:
1. Tabhairt faoi choireacht, treisiú leis an tslándáil náisiúnta agus athrú a chur ar an bpóilíneacht
- An Bille um Póilíneacht agus Sábháilteacht an Phobail a thabhairt isteach d'fhonn an Garda Síochána a leasú agus a athchóiriú agus cur lena bhfuil de chumhacht ag comhlachtaí maoirseachta
- Ceannaithe mínealaíne a thabhairt faoi scáth Aonad Comhlíontais na Roinne Dlí agus Cirt chun cur in aghaidh Sciúradh Airgid
- An t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte trí chumhacht fógra agus tarraingt anuas a neartú ionas go gcinntítear go ngabhann moill le hábhar mídhleathach den uile chineál a bhaint anuas
- An ciste infheistíochta a chur ar fáil chun an Garda Síochána a neartú agus níos mó Gardaí a chur ag obair ar an líne tosaigh
- Athbhreithniú a dhéanamh maidir le cumhacht na nGardaí faoi láthair i ndáil le hairm chontúirteacha, sceana san áireamh, mar chuid den phlean chun cur chuige bunaithe ar chúrsaí sláinte a scrúdú maidir le cásanna foréigin mar atá tugtha isteach in Albain agus i Londain
2. Teacht níos furasta a bheith ag daoine ar an gceart agus ar an gcóir agus nuachóiriú ar chóras na gcúirteanna
- Oideachas sa dlí a bheith níos oscailte agus constaicí a bhíonn roimh dhaoine a bheith ina n-aturnaetha nó ina n-abhcóidí a chur de leataobh mar chuid de phlean an Aire breis iléagsúlachta a chinntiú i ngach réimse den chóras dlí agus cirt
- Scéim Ghinearálta nua a fhoilsiú maidir le Bille d'fhonn athchóiriú agus leasú a thabhairt ar dhlí ceadúnúcháin na hÉireann d'fhonn bonn treise a chur faoi earnáil na hóstaíochta agus an chultúir agus faoi eacnamaíocht na hoíche
- Príomhfheidhmeannach a cheapadh ar an Údarás Cearrbhachais nuabhunaithe d'fhonn an bealach a réiteach maidir le comhlacht nua Rialála a thabhairt isteach ar a leagfar cumhacht láidir forfheidhmiúcháin
- Tús a chur le hobair mhion ar chóras nua treoirlínte maidir le costais dlíodóireachta d'fhonn maith a dhéanamh maidir le costais a ísliú agus breis follasachta a bheith ag baint le táillí dlíodóireachta
3. Treisiú le sábháilteacht an phobail, rátaí athchiontóireachta a ísliú, cuidiú leis an íospartach agus foréigean baile, gnéis nó bunaithe ar inscne a chosc
- Bille nua maidir le Cionta Gnéis a fhoilsiú ionas go neartaítear an chosaint atá ar fáil ag an íospartach i gcásanna lena mbaineann foréigean baile, gnéis nó inscne
- An córas reatha maidir le ciontú spíonta a leathnú ionas go dtugtar an dara seans do líon is mó daoine tabhairt faoin saol in athuair
- Bord Parúil nua a chur ar bun go hiomlán agus é bheith i mbun feidhme faoi mhí Iúil 2021
- Feachtas náisiúnta eolais a sheoladh maidir leis an mbrí atá le toiliú, chomh maith le feachtas faoi leith dírithe ar earnáil an ardoideachais
4. Córas cóir imirce a fhóireann don ré digiteach a thabhairt i bhfeidhm
- Scéim nua a chur ar bun maidir le cás na mílte imirceach atá ag cur fúthu in Éirinn gan cháipéisíocht a thabhairt chun rialtachta
- Láithreán gréasáin nua a fhoilsiú maidir le seirbhísí inimirce in Éirinn agus an t-ábhar ar fad a chur ar fáil i mBéarla soléite
5. Brostú le nuálaíocht, claochlú agus gníomhú ar son na haeráide i ngach réimse den chóras dlí agus cirt
- Clár oibre maidir le Digiteach ó Thús a chur i bhfeidhm i ngach réimse den Chóras Dlí agus Cirt ionas gur furasta do dhaoine na seirbhísí a thapú agus gur éifeachtúla iad do lucht a n-úsáide
- Ráiteas Polasaí maidir le Cúrsaí Aeráide a fhoilsiú ina leagtar amach na modhanna ina mbainfear amach na spriocanna ardaidhmeannacha maidir le cúrsaí aeráide agus éifeachtúlacht fuinnimh sa chóras dlí agus cirt ar fad, soláthar poiblí glas san áireamh
Dúirt James Browne TD, an tAire Stáit maidir le hAthchóiriú Dlí,
“Le foilsiú an Phlean Dlí agus Cirt 2021, leagtar amach na bearta leasaithe atá rún againn a thabhairt i gcrích i rith na bliana seo romhainn. I m'Aire Stáit maidir le hAthchóiriú Dlí dom, táim dírithe ar athruithe chun sochair a chur i bhfeidhm ar an gcóras dlí agus cirt sa tír seo a mbeidh an toradh is fiúntaí acu ar shábháilteacht an phobail agus ar fheabhas a chur ar an saol don chéad ghlúin eile.
“Bíonn tábhacht leis an gcóras dlí agus cirt i saol an uile dhuine, na daoine óga san áireamh. Táim ag tnúth, faoi scáth phlean na bliana 2021, le Straitéis Náisiúnta nua Dlí agus Cirt don Óige 2021-2026 a fhoilsiú, le hathbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le sceana, reachtaíocht an chearrbhachais a thabhairt chun cinn, Rialtóir nua Cearrbhachais a cheapadh, leanúint leis an obair in éineacht leis an bhFóram Náisiúnta maidir le Sábháilteacht faoin Tuath d'fhonn an pobal faoin tuath a chosaint agus cuidiú go díreach leis an bpobal in áiteanna a dtarlaíonn iompar frithshóisialta tríd an bhFóram maidir le hIompar Frithshóisialta.
“Tá rún daingean againn oibriú go dlúth leis an bpobal i gcomharsanachtaí éagsúla agus a chinntiú go mbíonn 'iomlán an phobail' de mheon ag an gcóras dlí agus cirt ag cur chuig an obair. Rachaidh bearta suntasacha leasúcháin agus athchóiriúcháin na bliana seo chun tairbhe don tír ar fad agus don uile dhuine a mhaireann in éineacht inti.”
Is é an Plean Dlí agus Cirt 2021 an plean tionscnaimh i sraith de Phleananna bliantúla Dlí agus Cirt. Beidh an Roinn Dlí agus Cirt ag saothrú leis na gníomhaireachtaí agus le páirtnéirí eile ar fud na hearnála chun tuairiscí aiseolais a fháil agus a chinntiú go mbaintear amach na spriocanna.
Beidh leasú ar gach Plean Dlí agus Cirt i ndiaidh a chéile maidir le bearta nua a shonrú iontu agus tráthchláir feidhme ina leith a leagan amach.
CRÍOCH