Táthar ag glacadh le hiarratais ar an gCiste um Shábháilteacht Pobail, 2026, anois

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Táthar ag glacadh le hiarratais ar an gCiste um Shábháilteacht Pobail, 2026, anois

  • Tá €4.75 milliún ar fáil le haghaidh tionscadail feabhsúcháin sábháilteachta pobail ar fud na tíre

D’oscail Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, glao cistiúcháin náisiúnta na bliana seo le haghaidh iarratais ar an gCiste um Shábháilteacht Pobail, 2026, inniu.

Osclaíodh an ciste bliantúil sin den chéad uair sa bhliain 2022. Leis an gciste, is féidir na fáltais ó choireacht a n-urghabhann an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) agus an Garda Síochána iad a athdhíriú ar thionscadail áitiúla a thacaíonn le sábháilteacht pobail agus a fheabhsaíonn í.

Is méadú suntasach é ciste na bliana seo, ar fiú €4.75 milliún san iomlán é, i gcomparáid leis an leithdháileadh tosaigh ab ionann agus €2 mhilliún a cuireadh ar fáil sa bhliain 2022.

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:

“Tá an-áthas orm an glao cistiúcháin le haghaidh an Chiste um Shábháilteacht Pobail, 2026, a oscailt. Leis an gCiste, déantar na sócmhainní coiriúla arna n-urghabháil ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla agus ag an nGarda Síochána a athdhíriú ar na pobail a bhfuil na coirpigh sin ag iarraidh brabús a bhaint astu. Trí thionscadail a chistiú tríd an gCiste um Shábháilteacht Pobail, is féidir linn sábháilteacht i bpobail ar fud na tíre a fheabhsú.


“Tá sé tábhachtach freisin a aithint nach mbaineann sábháilteacht pobail leis an bpóilíneacht amháin, ach gur iarracht níos leithne í a bhfuil baint ag an bpobal a fad léi. Tacaíonn an ciste le tionscadail nuálacha ar féidir leo an eagla roimh choireacht a laghdú, sábháilteacht pobail a fheabhsú agus athchiontú a laghdú.”

Beifear ag glacadh le hiarratais ón 13 Aibreán go dtí 5pm an 18 Bealtaine 2026.

Is í an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail a bhainistíonn an Ciste um Shábháilteacht Pobail. Is oifig de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce í.

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:

“Is é atá sa chistiú méadaithe i mbliana ná aitheantas don tsárobair leanúnach a bhíonn á déanamh ag an nGarda Síochána agus ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla maidir le cur isteach ar choiriúlacht agus maidir le sócmhainní coiriúla a urghabháil.

“Tá an Ciste ina ghné ríthábhachtach de thacú le cur chuige i leith sábháilteacht pobail atá níos leithne ná an phóilíneacht, agus aithnítear ann a thábhachtaí atá rannpháirtíocht agus eolas an phobail maidir le réitigh ar fhadhbanna ina limistéar féin a aimsiú. Molaim do ghrúpaí incháilithe a bhfuil togra acu chun tacú leis an tsábháilteacht ina limistéar féin agus í a fheabhsú iarratas a dhéanamh.”

Leis an gCiste um Shábháilteacht Pobail:

  • is féidir na fáltais ó choireacht a dhíriú ar thionscadail chun tacú le sábháilteacht pobail agus chun í a fheabhsú
  • cinntítear go mbeidh rochtain ar an gcistiú a theastaíonn uathu ag na tograí is cuí chun sábháilteacht pobail a fheabhsú
  • is féidir an dea-chleachtas maidir le sábháilteacht pobail agus le ceartas óige a chomhroinnt le comhpháirtíochtaí agus pobail eile ar fud na tíre de réir mar a fhorbraítear tograí nua
  • baintear leas as a rathúla a bhíonn an Garda Síochána agus an Biúró um Shócmhainní Coiriúla maidir leis na fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil a urghabháil

I measc na dtionscadal a bhain tairbhe as an gciste roimhe seo bhí tionscnaimh:

  • a laghdaíonn an eagla roimh choireacht agus a fheabhsaíonn sábháilteacht pobail agus an méid a bhraitheann pobail go bhfuil siad sábháilte
  • a thacaíonn le pobail shábháilte athléimneacha a chruthú
  • a laghdaíonn an t-athchiontú
  • a athstiúrann daoine aonair leochaileacha amach ó ghabháil d’iompraíocht choiriúil

Ó seoladh an Ciste sa bhliain 2022 i leith, tá cistiú faighte ag 127 dtionscadal san iomlán ar fud na tíre.

Chun faisnéis a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar www.gov.ie/communitysafety

CRÍOCH…///

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Tá deontais sa raon idir €20,000 agus €150,000.

Iarrtar iarratais ó thionscnaimh sábháilteachta pobail, ó ghrúpaí atá comhchistithe le húdaráis áitiúla, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí pobail a oibríonn ar shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht pobail agus le ceartas óige.

Glacfar le hiarratais ó eagraíochtaí aonair, agus ó chuibhreannais lena mbaineann dhá eagraíocht nó níos mó i gcás gur eagraíocht phobail, eagraíocht neamhbhrabúis, fiontar sóisialta nó eagraíocht chosúil ar a bhfuil sainchúram a bhaineann le sábháilteacht pobail agus/nó le ceartas óige é an príomhpháirtí.

Tabharfar aird ar leith ar iarratais a bhfuil cineálacha nuálacha cur chuige i gceist leo.

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais faoi 5pm an 18 Bealtaine 2026 chuig CommunitySafetyFund@justice.ie

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Shábháilteacht Pobail a aimsiú anseo: www.gov.ie/communitysafety.

Tá an doiciméadacht tacaíochta, lena n-áirítear an Fhoirm Iarratais agus an Doiciméad Treorach, ar fáil ag an nasc thíos. Is féidir faisnéis faoin leithdháileadh roimhe seo ó Chiste na bliana seo caite, de réir an tionscadail rathúil agus an chontae, a aimsiú freisin ag an nasc seo: https://www.gov.ie/en/department-of-justice-home-affairs-and-migration/collections/community-safety-fund/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat