Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, roimh fhianú 154 Gharda nua

  • Fáiltíonn an tAire Ó Ceallacháin roimh fhianú na nGardaí nua agus molann sé iad as a dtiomantas don tseirbhís phoiblí
  • Cuirfear 154 Gharda – 32 bhean agus 122 fhear – isteach i Rannáin de chuid an Gharda Síochána ar fud na tíre anois
  • Tá rang nua ina mbeidh 201 earcach de chuid an Gharda Síochána le dul isteach i gColáiste an Gharda Síochána an tseachtain seo chugainn

D’fháiltigh Séamus Ó Ceallacháin an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, roimh fhianú 154 Gharda nua i gColáiste an Gharda Síochána ar an Teampall Mór inniu.

Ag labhairt dó ag Coláiste an Gharda Síochána, dúirt an tAire Ó Ceallacháin:

“Tá an t-ádh linn sa tír seo gur mhaith le gach pobal go mbeadh níos mó Gardaí infheicthe ina gceantar féin. Tá sé ar cheann de na bearta is éifeachtaí atá againn chun coireacht a chosc agus chun cabhrú le daoine a mhothú sábháilte.

“Ní mór dearcthaí agus cineálacha cur chuige i leith na póilíneachta a bheith ag oiriúnú i gcónaí don domhan ina mairimid. Mar sin féin, ní thagann aon athrú ar a thábhachtaí a bhíonn ról an Gharda. Thug ár nGardaí nua gealltanas go gcomhlíonfadh siad seirbhís phoiblí agus go gcoinneodh siad daoine ina bpobail sábháilte. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an ngealltanas sin a thabhairt agus gach rath a ghuí orthu agus iad ag tosú a ngairmeacha leis an nGarda Síochána.”

Den 154 bhall foirne atá ag tabhairt fianaithe inniu, is fir iad 122 dhuine agus is mná iad 32 dhuine.

Tosóidh na Gardaí nua atá ar promhadh a ngairmeacha sa Gharda Síochána láithreach agus cuirfidh Coimisinéir an Gharda Síochána iad isteach i Rannáin de chuid an Gharda Síochána ar fud na tíre.

Beidh sé seo ar an leithdháileadh is mó Gardaí ar promhadh ar Réigiúin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath le bliain anuas, agus an chuid is mó díobh curtha isteach i bpobail sa Deisceart agus san Iarthuaisceart. Imscarfar 45 dhuine de na Gardaí nua i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus 66 dhuine díobh ag dul chuig Réigiún an Deiscirt, lena n-áireofar 20 Garda ar Promhadh an ceann do stáisiúin i gCathair Luimnigh agus i gCathair Chorcaí faoi seach.

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:

“Is ábhar mór áthais dom go rachaidh rang nua ina mbeidh 201 earcach de chuid an Gharda Síochána isteach i gColáiste an Gharda Síochána an tseachtain seo chugainn chun a n-oiliúint a thosú.

“Tá láithreacht mhéadaithe agus infheicthe Gardaí ina cuid lárnach d’aidhm an rialtais pobail shábháilte agus shlána a thógáil. Fianaise ar an spéis mhór atá ann i ndul isteach sa Gharda Síochána agus i bhfónamh ann is ea an líon ard iarratas a fuarthas ar fheachtais earcaíochta an Gharda Síochána le déanaí.

“Tá sé mar phríomhthosaíocht agam a chinntiú go mbíonn ag an nGarda Síochána na hacmhainní a theastaíonn uaidh. Táim ag súil le bheith ag obair le Justin Kelly, Coimisinéir nua an Gharda Síochána, chun an Garda Síochána a neartú tuilleadh ionas go mbeidh sé in ann déileáil leis na dúshláin atá romhainn, de réir ár ngealltanais i gClár an Rialtais. Ba mhaith liom an deis seo a thapú inniu freisin, ar a shearmanas fianaithe deiridh sula rachaidh sé ar scor an 1 Meán Fómhair, buíochas a ghabháil arís le Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána atá ag dul as oifig, as a chuid díchill, tiomantais agus dúthrachta le seacht mbliana anuas. Rinne sé roinnt de na hathchóirithe ba leithne riamh ar an eagraíocht a chur chun feidhme agus tá oidhreacht feabhsuithe inláimhsithe fágtha aige.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Thug 423 Gharda nua ó Choláiste an Gharda Síochána fianú sa bhliain 2025 go dtí seo, agus tá searmanas fianaithe eile le cur ar siúl i mí na Samhna.

Chuaigh 371 oiliúnaí isteach i gColáiste an Gharda Síochána sa bhliain 2025 go dtí seo, agus tá iontógáil eile daoine ar tí a n-oiliúint a thosú an tseachtain seo chugainn.

Tá an rialtas tiomanta do phobail níos láidre agus níos sábháilte a thógáil, agus tá neartú an Gharda Síochána i gcroílár na hoibre sin. Léirítear é sin sa leithdháileadh gan fasach ab ionann agus €2.48 billiún ar an nGarda Síochána i mBuiséad 2025, ar méadú 27% é i gcomparáid leis an mbliain 2020. Leis an gcistiú sin, beifear in ann leanúint le comhaltaí agus baill foirne an Gharda Síochána a earcú.

Tugtar gealltanas i gClár an Rialtais go ndéanfar scrúdú ar raon beart breise chun a chur ar chumas an Gharda Síochána 5,000 comhalta a earcú thar na cúig bliana atá romhainn.

Bhí an feachtas earcaíochta is déanaí de chuid an Gharda Síochána ar siúl ón 7 Feabhra go dtí an 27 Feabhra 2025. Rinne 6,784 dhuine iarratas mar chuid den chomórtas.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat