Fógraíonn an tAire Séamus Ó Ceallacháin €4.3 milliún d’eagraíochtaí a thacaíonn le híospartaigh na coireachta agus le daoine a tháinig slán as an gcoireacht

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Séamus Ó Ceallacháin €4.3 milliún d’eagraíochtaí a thacaíonn le híospartaigh na coireachta agus le daoine a tháinig slán as an gcoireacht

D’fhógair Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, cistiú is fiú níos mó ná €4.3 milliún d’eagraíochtaí a thacaíonn le híospartaigh na coireachta.

Leithdháilfear €3.8 milliún ar 10 ngrúpa speisialaithe tacaíochta d’íospartaigh, lena n-áirítear:

  • Victim Support at Court; AdVic; agus Crime Victims Helpline;
  • Ruhama; Support After Homicide; Missing in Ireland; agus Tourist SOS;
  • Comhairle um Inimircigh na hÉireann; Doras; agus Ionad Chearta na nImirceach in Éirinn.

Agus an fógra á thabhairt aige, dúirt an tAire Ó Ceallacháin:

“Is féidir le coir a thuairisciú a bheith ina eispéireas trámach d’íospartaigh agus do mharthanóirí, mar sin tá sé ríthábhachtach go mothódh na daoine a dhéanann tuairisciú go bhfuil siad sábháilte agus go bhfuil cumhacht acu, agus iad ar an eolas go n-éistfear leo go comhbhách, go dtacófar leo, agus go gcaithfear go measúil leo ar fud an phróisis ar fad.

“Tá cistiú á leithdháileadh ar eagraíochtaí comhpháirtíochta a sholáthraíonn cúnamh mothúchánach agus praiticiúil fíorluachmhar, faisnéis faoi chearta íospartach, tionlacan chuig an gcúirt, sainchomhairleoireacht, línte cabhrach, agus tionlacan chuig agallaimh leis an nGarda Síochána dóibh siúd ar bhain teagmhais thrámacha dóibh.

“Is é atá sna heagraíochtaí sin ná comhpháirt sheanbhunaithe de bhonneagar agus oibleagáidí tacaíochta an Stáit d’íospartaigh. Mar thoradh ar an gcistiú seo, cabhrófar lena chinntiú go mbeidh sainseirbhísí ar fáil d’íospartaigh ar fud an Stáit nuair a bheidh an gá is mó acu leo.”

Tá €480,000 eile á leithdháileadh chun go gcomhlíonfar na gealltanais atá ann cheana faoi chomhaontuithe roimhe seo maidir le hoiliúint, le taighde agus le tathant d’íospartaigh na coireachta.

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:

“Ceann de na príomhthosaíochtaí atá ag an rialtas is ea a chinntiú gur féidir le gach íospartach agus gach marthanóir rochtain a fháil ar thacaíochtaí praiticiúla, lena n-áirítear daoine atá i staideanna an-leochaileach agus daoine i bpobail mhionlaigh. Tá an Ciste d’Íospartaigh na Coireachta ina chuid lárnach den rochtain ríthábhachtach sin a bhaint amach, toisc go dtacaíonn sé le cohórt sainithe eagraíochtaí a sholáthraíonn sainseirbhísí ar fud an Stáit.”

CRÍOCH…//

Nótaí don eagarthóir

Gach bliain, soláthraíonn an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce cistiú chun tacú le heagraíochtaí a chabhraíonn go sonrach le híospartaigh na coireachta tríd an gCiste d’Íospartaigh na Coireachta. Roimhe sin, fuair eagraíochtaí a chabhraíonn le híospartaigh an fhoréigin baile, ghnéasaigh nó inscnebhunaithe cistiú faoin gCiste sin. Cistítear na heagraíochtaí sin anois trí Cuan, an ghníomhaireacht reachtúil náisiúnta um fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe, a bunaíodh i mí Eanáir 2024.

Tugadh cur chuige ilbhliantúil isteach sa bhliain 2024 lena gcumhdaítear an tréimhse ón mbliain 2025 go dtí an bhliain 2027 – comhaontaíodh é sin chun cabhrú leis na heagraíochtaí pleanáil straitéiseach agus pleanáil soláthair foirne a dhéanamh.

Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóirí rialachas agus rialuithe airgeadais cuí a léiriú, lena n-áirítear struchtúir bhainistíochta agus an cumas chun ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat