Minister Jim O’Callaghan announces Dr Carol Coulter will establish Family Law Reporting Project

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Minister Jim O’Callaghan announces Dr Carol Coulter will establish Family Law Reporting Project

D’fhógair Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, inniu (an 5 Eanáir) gur choimisiúnaigh an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce an Tionscadal um an Dlí Leanaí, atá faoi stiúrthóireacht feidhmiúcháin an Dr Carol Coulter, chun Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh a chur i gcrích.

Dámhadh an tairiscint don Tionscadal um an Dlí Leanaí tar éis próiseas soláthair iomaíoch a seoladh an 21 Lúnasa 2025. Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh feabhas a chur ar an trédhearcacht don phobal maidir le himeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh agus cur leis an muinín as an gcinnteoireacht bhreithiúnach ar dhíospóidí príobháideacha dlí teaghlaigh, agus príobháideacht na n-imeachtaí sin á chinntiú do leanaí agus do theaghlaigh ag an am céanna.

Is tionscnamh é faoi Sprioc 6 den Straitéis Ceartais Teaghlaigh 2022-2025 ón Rialtas, eadhon, Bainistiú Sonraí agus Faisnéise, ina ngealltar go gcuirfear feabhas ar bhailiú sonraí agus ar chomhroinnt sonraí. A luaithe a bheidh sé bunaithe, meastar go mairfidh an Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh trí bliana.

Bhunaigh an Dr Coulter an Tionscadal um an Dlí Leanaí sa bhliain 2012, agus tá sí ag fónamh mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin air ón uair sin i leith. Is iar-Eagarthóir Gnóthaí Dlí leis an Irish Times í, agus bhunaigh sí Tionscadal Píolótach um Thuairisciú ar an Dlí Teaghlaigh don tSeirbhís Chúirteanna sa bhliain 2006/2007.

Dúirt an tAire Séamus Ó Ceallacháin:

“Tá áthas orm gur dhámh mo roinn tairiscint le haghaidh tuairisciú ar imeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh don Tionscadal um an Dlí Leanaí, atá faoi cheannaireacht an Dr Carol Coulter.

“Mar roinn, tá sé mar aidhm againn córas ceartais teaghlaigh a chruthú a oibríonn níos fearr do gach duine a bhíonn ag gabháil leis, go háirithe dóibh siúd a dteastaíonn tacaíochtaí agus cosaintí breise uathu, amhail iad siúd atá thíos le foréigean baile, nó tuismitheoirí leochaileacha agus leanaí leochaileacha.

“Faoi láthair, níl aon chóras cuimsitheach ann in Éirinn le haghaidh tuairisciú tráthrialta agus córasach a dhéanamh ar imeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh. Is tionscnamh thar a bheith tábhachtach faoin Straitéis Ceartais Teaghlaigh é córas tuairiscithe den sórt sin a bhunú. Táim muiníneach go gcabhróidh an tionscadal seo le trédhearcacht agus cothroime a chur chun cinn tuilleadh maidir le conas a sheoltar imeachtaí dlí teaghlaigh. Táim ag súil freisin go dtáirgfidh sé faisnéis ríthábhachtach do mo roinn chun tacú le forbairt leanúnach an bheartais agus na reachtaíochta um cheartas teaghlaigh.”

CRÍOCH...///

Notes for editor

Cuid ríthábhachtach de mhuinín as an gcóras dlí teaghlaigh a thógáil agus a choinneáil is ea trédhearcacht a chinntiú agus tuiscint níos fearr ar an gcóras a chur chun cinn. Ag an am céanna, ní mór dóibh siúd a lorgaíonn cúnamh na gCúirteanna chun a ndíospóidí ceartais teaghlaigh a réiteach a bheith cinnte de go gcosnófar a bpríobháideacht féin agus príobháideacht a leanaí.

Agus an gá le cothromaíocht idir an dá sheasamh sin á aithint, tugadh gealltanas sa Straitéis Ceartais Teaghlaigh go ndéanfaí athbhreithniú ar oibriú na rialach ‘i gcúirt iata’ in imeachtaí dlí teaghlaigh.

De bhreis ar an ngealltanas sin, foilsíodh tuarascáil taighde neamhspleách ar oibriú na rialach i mí na Bealtaine 2025. Tá 21 mholadh ann sa tuarascáil sin, a mbaineann roinnt díobh le tuilleadh trédhearcachta a chur chun cinn, agus príobháideacht na ndaoine atá ag lorg chabhair na cúirte agus príobháideacht aon leanaí lena mbaineann na himeachtaí á gcosaint ag an am céanna.

Is é aidhm fhoriomlán an Tionscadail Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh ná trédhearcacht a sholáthar don phobal, agus á chinntiú ag an am céanna go seasfar leis na cearta príobháideachta atá ag leanaí agus ag tuismitheoirí.

Beidh na príomhghníomhartha seo a leanas i gceist leis an Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh:

  • Faisnéis a bhailiú ar phríomhghnéithe de chásanna dlí teaghlaigh chun go mbeifear in ann staitisticí a thiomsú, amhail amscálaí, na cineálacha orduithe atá á lorg, ionadaíocht dhlíthiúil na bpáirtithe (an dá pháirtí, páirtí amháin, gan ceachtar páirtí).
  • Anailís a dhéanamh ar na sonraí arna gcóimheas agus tuairisc a thabhairt ar threochtaí i gcásanna dlí teaghlaigh chun an lucht déanta beartas, na breithiúna, dlí-chleachtóirí agus an pobal a chur ar an eolas.
  • Tuairiscí a thabhairt ar na cásanna de réir mar a thagann siad chun cinn, agus mionsonraí á dtabhairt faoi na príomhghnéithe de na héisteachtaí go léir a bhfreastalaítear orthu.
  • Tuairisc a thabhairt ar na cineálacha orduithe atá á lorg agus ar na cúiseanna a thugtar leis na hiarrataí sin.
  • Dearcthaí na bpáirtithe agus na bhfinnéithe in imeachtaí dlí teaghlaigh a ghabháil de réir mar is féidir iad a dhéanamh amach ó thuairimí agus ó thaifid chúirte.
  • Breitheanna an bhreithimh agus na cúiseanna atá á dtabhairt leo a thaifeadadh agus a achoimriú.
  • Na torthaí a chomhtháthú i dtuarascálacha inrochtana chun tuiscint a fheabhsú, chun bonn eolais a chur faoin mbeartas, agus chun tacú le trédhearcacht, agus príobháideacht á cosaint ag an am céanna.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat