Molann an tAire Séamus Ó Ceallacháin tionchar iontach an Bhunachair Sonraí náisiúnta DNA ar chomóradh 10 mbliana a bhunaithe
- Foilsithe: 31 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2026
- Chabhraigh an bunachar sonraí náisiúnta DNA le 1,000 cás coiriúil, beagnach, agus gineadh 812 mhacasamhail as sa bhliain 2025.
- Chabhraigh sé le 180 corp a shainaithint agus le 29 gcás lenar bhain daoine ar iarraidh sa bhliain 2025
- Tá breis agus 94,000 próifíl ar an mbunachar sonraí, rud a chabhraíonn le himscrúduithe ar nithe amhail buirgléireachtaí agus urghabhálacha drugaí ardluacha.
Rinne Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, ceiliúradh inniu ar 10 mbliana ó cruthaíodh bunachar sonraí náisiúnta DNA na hÉireann ag ócáid comórtha i gCeanncheathrú Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann (EFÉ).
Úsáidtear an bunachar sonraí mar fhoinse faisnéise le haghaidh imscrúduithe coiriúla, chun cabhrú le daoine ar iarraidh a aimsiú agus chun cabhrú le daoine anaithnide a shainaithint. Ó bunaíodh é sa bhliain 2015 i leith, tá cúnamh tugtha ag an gcóras do 8,000 imscrúdú coiriúil, beagnach, ar bhain a bhformhór le buirgléireachtaí, le damáiste coiriúil agus le robálacha. Chomh maith leis sin, chabhraigh sé le himscrúdú a dhéanamh ar choireanna níos tromchúisí, lena n-áirítear dúnmharuithe, cionta gnéasacha agus foréigneacha, agus ionsaithe.
Tá breis agus 94,000 próifíl sa bhunachar sonraí anois agus leanfaidh cumas réitigh coireachta an bhunachair sonraí ar aghaidh ag fás de réir mar a fhásann an bunachar sonraí féin.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Tá sé deacair córas ceartais choiriúil nach bhfuil an Bunachar Sonraí náisiúnta DNA ann a shamhlú. Deich mbliana ó bunaíodh é, is féidir linn a rá go muiníneach go raibh éifeacht chlaochlaitheach aige. Tá athmhúnlú déanta aige ar an dóigh a n-imscrúdaítear coireanna, ar an dóigh a dtógtar cásanna, agus ar an dóigh a mbaintear ceartas amach. Bíonn ag méadú ar an méid a bhíonn rath ár gcórais ceartais choiriúil ag brath ar éifeachtacht agus sláine an Chórais Bunachair Sonraí DNA. Tá níos mó i gceist leis an ócáid seo ná tionchar an bhunachair sonraí DNA a aithint, ach tá sé i gceist léi freisin an méid atá bainte amach tríd an eolaíocht fhóiréinseach agus an tacaíocht atá tugtha aici don chóras ceartais choiriúil agus d’íospartaigh na coireachta a aithint.
“Ceann de na gnéithe is cumhachtaí den Bhunachar Sonraí DNA is ea a ról in imscrúduithe daoine ar iarraidh agus i gcásanna sainaitheanta coirp. Sa bhliain 2025, chabhraigh an tsaotharlann fhóiréinseach le 180 corp a shainaithint agus le 29 gcás lenar bhain daoine ar iarraidh.”
Eochairthosaíocht fós is ea comhar idirnáisiúnta. Faoi láthair, comhroinneann Éire próifílí DNA le 20 tír Eorpach, an Ríocht Aontaithe ina measc, faoi Chonradh Prüm. Chuir EFÉ tús le malartú sonraí beo sa bhliain 2019 agus comhoibríonn sí go gníomhach anois leis na tíortha sin, á chinntiú nach féidir le coirpigh éalú ón gceartas trí theorainneacha a thrasnú.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:
“Ní hé amháin gur sócmhainn náisiúnta é an bunachar sonraí náisiúnta DNA ach téann sé chun tairbhe do líonra idirnáisiúnta i bhfad níos leithne freisin trí mhalartuithe sonraí fóiréinseacha ar fud Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
“Leanfaidh an rialtas de thacaíocht a thabhairt don phríomhról a imríonn an eolaíocht fhóiréinseach sa chóras ceartais choiriúil. Tá saotharlann eolaíochta fóiréinsí den scoth againn anois i mBacastún, rud atá tógtha de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde, chun tábhacht na hanailíse eolaíche riachtanaí agus na comhairle saineolaí a sholáthraíonn EFÉ a léiriú.”
CRÍOCH…///
Nótaí don eagarthóir
Bunaíodh an Bunachar Sonraí DNA faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014. Sonraítear san Acht gur féidir samplaí áirithe DNA a thógáil lena gcur leis an mbunachar sonraí DNA. Is í Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann a bhainistíonn an bunachar sonraí DNA.
Úsáidtear an bunachar sonraí:
- Mar fhoinse faisnéise le haghaidh imscrúduithe coiriúla
- Chun cabhrú le daoine ar iarraidh a aimsiú
- Chun cabhrú le daoine anaithnide a shainaithint
Tá cuid imscrúdaithe agus cuid sainaitheantais ag an mbunachar sonraí. Úsáidtear an chuid imscrúdaithe chun coireanna amhrasta a imscrúdú, agus úsáidtear an chuid sainaitheantais chun cabhrú le daoine anaithnide agus daoine ar iarraidh a shainaithint.
Coiste Formhaoirsithe um an gCóras Bunachair Sonraí DNA, ar coiste é atá neamhspleách agus faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Catherine Murphy, déanann sé formhaoirsiú ar bheartais agus ar chleachtais chun sláine an chórais a choimeád ar bun. Bunaíodh an Coiste leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014. Déanann an Coiste formhaoirsiú ar bhainistiú agus oibriú an Chórais Bunachair Sonraí DNA chun sláine agus slándáil an Chórais a choimeád ar bun.
Foráiltear le hAcht 2014 do chomhar méadaithe le ballstáit eile an Aontais Eorpaigh i ndáil le faisnéis faoi bhunachair sonraí DNA. Fágann sé sin gur féidir le ballstát amháin den Aontas Eorpach iarraidh ar bhallstát eile den Aontas Eorpach cuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí DNA ar a chóras chun a fháil amach an bhfuil macasamhail aige le haghaidh sampla ar leith.
Sa bhliain 2019, chuir EFÉ tús le malartú beo sonraí DNA agus, ag deireadh na bliana 2024, bhí sé ag malartú sonraí le fiche tír Eorpach.
D’athlonnaigh EFÉ go saotharlann úrscothach ar fiú €100 milliún í i mBacastún, Cill Droichid, i mí Aibreáin 2024.