Tugann an tAire Séamus Ó Ceallacháin cur chuige nua isteach i leith iarratais ar mhaithiúnas ón Uachtarán a bhreithniú
- Foilsithe: 25 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2026
Tá ceadú i bprionsabal ón Rialtas faighte ag Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, le haghaidh cur chuige nua i leith iarratais ar mhaithiúnas ón Uachtarán a bhreithniú.
Foráiltear le hAirteagal 13 den Bhunreacht go bhfuil an ceart maithiúnais dílsithe don Uachtarán agus gur ar chomhairle an Rialtais amháin a fhéadfar an ceart sin a fheidhmiú.
Go stairiúil, níor deonaíodh maithiúnais ón Uachtarán ach amháin in imthosca eisceachtúla. Idir na blianta 1937 agus 2014, níor deonaíodh ach trí mhaithiúnas ón Uachtarán, nár deonaíodh aon cheann díobh tar éis báis agus nár bhain aon cheann díobh le cásanna a tharla roimh bhunú an Stáit sa bhliain 1922.
Deonaíodh cúig mhaithiúnas eile ó bhí an bhliain 2015 ann. Baineann ceithre cinn díobh sin le ciontuithe a forchuireadh roimh bhunú an Stáit.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Leis an mBunreacht, tugtar an chumhacht don Uachtarán chun maithiúnas a eisiúint, ar chomhairle an Rialtais. Is ann do chaighdeán ard fianaise nach mór a chomhlíonadh chun a mholadh don Uachtarán go ndeonófaí maithiúnas, agus léirítear é sin sa líon íseal maithiúnas a deonaíodh ó bhunú an Stáit i leith.
Le blianta beaga anuas, tá athrú tagtha ar chineál na n-iarratas ar mhaithiúnas a bhreithniú chun díriú ar chásanna stairiúla a tharla roimh neamhspleáchas ó riail na Breataine. Tá roinnt deacrachtaí ag baint leis na cásanna sin. Baineann siad go háirithe leis an bhfíric gur faoi dhlínse an údaráis Bhriotanaigh roimhe in Éirinn a bunaíodh na cúirteanna a thriail na cionta sin, agus ní faoi dhlínse Stát na hÉireann féin.
An cur chuige atá á mholadh agam i leith iarratais ar mhaithiúnas a bhreithniú, beidh sé i gcomhréir leis an scéim reachtúil reatha faoin Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993, agus, leis an gcur chuige sin, déanfar iarratais ar mhaithiúnas ón Uachtarán a bhreithniú a fhorchoimeád d’iomrall ceartais ó bhunú an Stáit i leith.”
Chun maithiúnais a dheonú, ní mór do Stát a admháil go bhfuil freagracht air as iomraill cheartais a riarann an Stát sin. Chomh maith leis sin, is ann do dhúshláin shuntasacha a bhaineann le próiseáil a dhéanamh ar chásanna stairiúla a tharla roimh bhunú an Stáit, lena n-áirítear an dóchúlacht nach bhfuil go leor de na cásanna sin doiciméadaithe go leordhóthanach.
Dá bhrí sin, faoin gcur chuige nua seo, ní bheadh ach ciontuithe a forchuireadh tar éis bhunú an Stáit sa bhliain 1922 incháilithe lena mbreithniú le haghaidh maithiúnais ón Uachtarán as seo amach.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:
“Tá deonú maithiúnais ar cheann de na cumhachtaí is suntasaí is féidir leis an Uachtarán a fheidhmiú, agus cuirtear ar chumas an Stáit leis éagóir shoiléir a tharla i riar an cheartais a cheartú.
Mar sin féin, ba cheart maithiúnais ón Uachtarán faoin mBunreacht a dheonú sna himthosca sin inar tharla iomrall ceartais faoi choimirce an Stáit. Cé gur rud fiúntach agus inmhianaithe do mhórán daoine é iomraill cheartais stairiúla a leigheas, tá dúshláin shuntasacha ag baint leis sin, lena n-áirítear an fhíric gur faoi chóras dlí difriúil, in ainm Rialtais eile, a tharla ciontuithe a forchuireadh roimh neamhspleáchas sa bhliain 1922.
Táim den tuairim láidir gur gá an cur chuige beartais i leith iarratais ar mhaithiúnais ón Uachtarán a phróiseáil a bheith fréamhaithe i mbunú an Stáit nuair a tháinig Rialtas Éireannach chun bheith ann. Tríd an méid sin a dhéanamh, aithnítear leis go n-admhaíonn Stát na hÉireann go bhfuil freagracht air as aon iomraill cheartais a tharla faoina údarás.”
Sna blianta beaga atá imithe thart, tá méadú tagtha ar an líon iarrataí ar mhaithiúnais ón Uachtarán.
Cé gur deonaíodh maithiúnais san am atá thart a bhain le cásanna roimh bhunú an Stáit, is mian leis an Rialtas a chinntiú anois nach ndéanfar an chumhacht chun maithiúnas a dheonú a dhíluacháil ar bhealach éigin trí ró-úsáid, go háirithe in imthosca ina n-íslítear an tairseach cruthúnais atá mar fhoras le haon togra le haghaidh maithiúnais de bharr imeacht ama.
Críoch
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
Ó bhunú an Stáit sa bhliain 1922 i leith, níor deonaíodh ach ocht maithiúnas ón Uachtarán. Rinneadh cúig cinn de na maithiúnais sin a bhronnadh tar éis báis ón mbliain 2015 i leith.
Foráiltear le hAirteagal 13.6 den Bhunreacht go bhfuil an ceart maithiúnais dílsithe don Uachtarán agus, de réir Airteagal 13.9, is ar chomhairle an Rialtais amháin a fhéadfar an ceart sin a fheidhmiú.
Tá scéim reachtúil lena rialaítear maithiúnais ann san Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993, lena ndéantar foráil maidir leis an gceart chun achainí le haghaidh maithiúnais a dhéanamh chuig an Aire Dlí agus Cirt, a fhéadfaidh, tar éis dó nó di na fiosruithe is gá a dhéanamh, a mheas gur tharla iomrall ceartais, moladh a dhéanamh don Rialtas an tUachtarán a chomhairliú maithiúnas a dheonú i ndáil leis an gcion ar ciontaíodh an t-iarratasóir ann.
Leis an scéim reachtúil sin, ní chuirtear aon teorainn leis an gcumhacht faoi Airteagal 13.6 den Bhunreacht ach is díol suntais nach bhfuil feidhm aici i gcásanna iarbháis.
Leis an gcur chuige nua i leith iarratais ar bhreithniú, cloífear leis an scéim reachtúil faoi Acht 1993.