Seolann an tAire Séamas Ó Ceallacháin áireamhán cothabhála leanaí nuálach nua

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Séamas Ó Ceallacháin áireamhán cothabhála leanaí nuálach nua

Rinne Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, áireamhán cothabhála leanaí nuálach nua ar líne a sheoladh inniu (Déardaoin an 26 Feabhra) chun cabhrú le tuismitheoirí teacht ar shocruithe maidir le híocaíochtaí cothabhála leanaí.

Is féidir an t-áireamhán a rochtain ar líne ón lá inniu ag www.childmaintenancecalculator.ie

Tá seoladh an áireamháin ag teacht sna sála ar an bhfoilsiú a rinne an tAire Ó Ceallacháin an mhí seo caite ar an gcéad tacar Treoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí de chuid na hÉireann riamh. Tá sé mar aidhm leis an áireamhán cabhrú leis na treoirlínte a dhéanamh níos inrochtana do thuismitheoirí.

Bhí forbairt na dtreoirlínte ina príomh-mholadh ón Athbhreithniú ar Fhorfheidhmiú Orduithe Cothabhála Leanaí, rud a rinneadh sa bhliain 2024.

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:

“Táim ag obair chun dul chun cinn a dhéanamh ar athchóirithe suntasacha ceartais teaghlaigh.

“Seoladh an áireamháin nuálaigh nua seo inniu, agus foilsiú na dtreoirlínte maidir le cothabháil leanaí le déanaí, tá siad ina gcuid lárnach de chothroime, comhsheasmhacht agus trédhearcacht a fheabhsú agus tuismitheoirí ag déanamh socruithe cothabhála leanaí.

“Táim muiníneach go mbeidh na treoirlínte agus an t-áireamhán ina n-uirlisí cabhracha do thuismitheoirí a roghnaíonn, agus ar féidir leo, socruithe príobháideacha a dhéanamh eatarthu féin maidir le cothabháil leanaí, in ionad dul tríd an gcóras cúirteanna.

“Cabhróidh siad le tuismitheoirí agus iad ag cinneadh íocaíochtaí cothroma cothabhála leanaí, rud a laghdóidh coinbhleacht trí ríomh na cothabhála leanaí a dhéanamh níos oibiachtúla.

“Tá an t-áireamhán ar fáil ar líne ag www.childmaintenancecalculator.ie agus tógann sé ceithre chéim shimplí chun méid measta cothabhála leanaí a fháil. Mholfainn do thuismitheoirí na treoirlínte agus an t-áireamhán a cheadú agus socruithe á ndéanamh acu maidir le cothabháil leanaí.”

Ba é a bhí san Athbhreithniú ar Fhorfheidhmiú Orduithe Cothabhála Leanaí, a foilsíodh i mí Eanáir 2024, ná ceann de na gníomhartha atá sa sprioc “Tacú le Leanaí” den Straitéis Ceartais Teaghlaigh 2022-2025.

CRÍOCH…///

Nótaí don Eagarthóir

  • Foilsíodh an tAthbhreithniú ar Fhorfheidhmiú Orduithe Cothabhála Leanaí i mí Eanáir 2024. Cuireadh 26 mholadh ar aghaidh ann a bhí dírithe ar a chinntiú go gcomhlíonfaí orduithe cothabhála leanaí a mhéid is mó is féidir chun slándáil agus cobhsaíocht do leanaí a chinntiú agus chun cabhrú le bochtaineacht a chosc.
  • I measc na bpríomh-mholtaí bhí forbairt a dhéanamh ar thacar treoirlínte maidir le cothabháil leanaí.
  • Bunaíodh grúpa idir-rannach (“An Coiste um Threoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí”) i mí Feabhra 2024 agus cuireadh de chúram air tacar treoirlínte maidir le cothabháil leanaí a fhorbairt lena n-úsáid ag na páirtithe uile, ar bhonn deonach, agus socruithe cothabhála leanaí á gcur i bhfeidhm acu.
  • Cuireadh de chúram ar an ngrúpa freisin áireamhán ar líne a fhorbairt chun cabhrú le híocaíochtaí cothroma cothabhála leanaí a chinneadh.
  • I mí Aibreáin 2025, sheol an Coiste um Threoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí comhchomhairliúchán suirbhébhunaithe chun tuairimí an phobail a fháil ar ghnéithe tábhachtacha de na treoirlínte.
  • An 19 Eanáir 2026, d’fhoilsigh an tAire an chéad tacar Treoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí de chuid na hÉireann riamh, mar aon leis an tuarascáil ar an gcomhchomhairliúchán poiblí. Féach https://www.gov.ie/en/department-of-justice-home-affairs-and-migration/publications/child-maintenance-guidelines-for-ireland/.
  • Is féidir físeán gearr míniúcháin ar conas an t-áireamhán a úsáid a fháil ag https://www.gov.ie/en/department-of-justice-home-affairs-and-migration/collections/child-maintenance-calculator/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat