Seolann an tAire Séamus Ó Ceallacháin an chéad tacar Treoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí de chuid na hÉireann riamh
- Foilsithe: 31 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2026
Rinne Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, an chéad tacar de Threoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí de chuid na hÉireann riamh a sheoladh inniu (Dé Luain an 19 Eanáir) ag ócáid do gheallsealbhóirí Ceartais Teaghlaigh i mBaile Átha Cliath.
Chomh maith leis sin, d’fhógair an tAire Ó Ceallacháin a phleananna le haghaidh chur chun feidhme Acht na gCúirteanna Teaghlaigh, 2024. Áirítear leis sin na chéad chúirteanna teaghlaigh a bhunú i láithreacha roghnaithe de réir a chéile sula gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán ar fud na tíre iad.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Is é atá i gcruthú na dtreoirlínte maidir le cothabháil leanaí ná rud nua ar fad d’Éirinn agus céim shuntasach ar aghaidh chun cothroime, comhsheasmhacht agus trédhearcacht a fheabhsú agus tuismitheoirí ag déanamh socruithe cothabhála leanaí.
“Seolfar áireamhán cothabhála leanaí nua ar líne ar ball chun dul leis na treoirlínte, rud a chabhróidh leis na treoirlínte a dhéanamh níos inrochtana do thuismitheoirí. Táim muiníneach go mbeidh na treoirlínte agus an t-áireamhán ina n-uirlisí cabhracha do thuismitheoirí a roghnaíonn, agus ar féidir leo, socruithe príobháideacha a dhéanamh eatarthu féin go díreach maidir le cothabháil leanaí, in ionad dul tríd an gcóras cúirteanna.
“Bhí forbairt na dTreoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí ina príomh-mholadh ón Athbhreithniú ar Fhorfheidhmiú Orduithe Cothabhála Leanaí, rud a rinneadh sa bhliain 2024.”
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:
“Is príomhchuspóir domsa agus don Rialtas é a chinntiú go mbeidh na cúirteanna teaghlaigh níos áisiúla don úsáideoir agus níos saoire agus go gcuirfidh siad riachtanais leanaí i gcroílár imeachtaí dlí teaghlaigh.
“Forálfar leis an bplean cur chun feidhme le haghaidh Acht na gCúirteanna Teaghlaigh do thosú céimnithe an Achta, rud a thabharfaidh na cúirteanna teaghlaigh i mbun oibre i láithreacha ar leith thar shraith céimeanna sula gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán ar fud na tíre iad.
“Cuirfidh mo chuid oifigeach tús le hobair láithreach leis an tSeirbhís Chúirteanna chun na chéad chúirteanna teaghlaigh a bhunú i mí Eanáir 2027.”
Luaigh an tAire Ó Ceallacháin dul chun cinn dearfach ar roinnt gníomhartha de chuid na Straitéise Ceartais Teaghlaigh freisin. Áirítear leo sin:
- Bunú a dhéanamh ar ball ar an Treoirthionscadal um Abhcóide Cúirte Leanaí in dhá láthair, mar atá Port Láirge agus Cluain Meala.
- Foilsiú a dhéanamh le déanaí ar thairiscint le haghaidh meastóireachta chun éifeachtacht an treoirthionscadail a mheas, ar tairiscint í a bheidh ar oscailt go dtí an 4 Feabhra 2026.
- Teimpléad Tuarascála agus Treoirlínte Ghuth an Linbh a fhorbairt, rud a fhoilseofar sna míonna amach romhainn.
- An tairiscint le haghaidh Tionscadal Tuairiscithe príobháideach um an Dlí Teaghlaigh a dhámhachtain don Tionscadal um an Dlí Leanaí atá faoi stiúir an Dr Carol Coulter. Tá an Tionscadal Tuairiscithe le cur i gcrích thar na trí bliana atá romhainn.
- Tús a chur leis an obair chun Teimpléad Plean Tuismitheoireachta a fhorbairt, chun cabhrú le tuismitheoirí socruithe tuismitheoireachta a dhéanamh tar éis idirscartha nó colscartha.
- Leathanach tiomnaithe do Sheirbhísí Ceartais Teaghlaigh a sheoladh, rud lena dtugtar liosta soiléir de sheirbhísí agus tacaí do theaghlaigh agus do ghairmithe le chéile san aon áit amháin atá éasca le nascleanúint.
- A bhuí le torthaí ó shuirbhé poiblí a seoladh i mí Aibreáin anuraidh, cabhraíodh le bonn eolais a chur faoi threoirlínte maidir le cothabháil leanaí, agus 69% de na freagraithe ag rá go n-úsáidfidís na treoirlínte dá mba rud é go rachaidís tríd an bpróiseas arb éard é cothabháil leanaí a chomhaontú. Luaigh 57% de na freagraithe na buntáistí a bhaineann le treoirlínte a mbeadh tuilleadh cothroime, soiléire agus comhsheasmhachta mar thoradh orthu.
Cuireadh an t-eolas is deireanaí do fhreastalaithe ar an bhFóram Forbartha Ceartais Teaghlaigh inniu faoi Phlean Cur Chun Feidhme Acht na gCúirteanna Teaghlaigh, faoi oiliúint bhreithiúnach i réimse an dlí teaghlaigh agus faoi fhorbairtí san idirghabháil teaghlaigh le láithreoireachtaí ó Maria Fitzgerald, Stiúrthóir Comhlach um Staidéar Breithiúnach ag Comhairle na mBreithiúna, agus ó Fiona McAuslan, Stiúrthóir Sheirbhís Idirghabhála Teaghlaigh an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:
“Gné shuntasach d’Acht na gCúirteanna Teaghlaigh is ea go bhforáiltear leis go ndéanfar breithiúna a bhfuil sainoiliúint i ndéileáil le nithe dlí teaghlaigh acu agus a bhfuil saintaithí ar na nithe sin acu a shannadh do rannáin na gCúirteanna Teaghlaigh ar bhonn lánaimseartha. Mar thoradh ar fhorálacha an Achta freisin, beidh feabhas ann ar an oiliúint atá ag breithiúna i nithe dlí teaghlaigh agus ar an saineolas atá acu orthu.
“Sa deireadh thiar, ba mhaith linn go léir a chinntiú go leanfaimis d’idirghabháil a chur chun cinn mar shásra le haghaidh díospóidí a réiteach. Ceann amháin de threoirphrionsabail Acht na gCúirteanna Teaghlaigh is ea úsáid modhanna malartacha réitigh díospóidí, amhail idirghabháil, a chur chun cinn a mhéid is féidir agus is cuí chun díospóidí dlí teaghlaigh a réiteach.”
Dúirt an tAire Ó Ceallacháin mar fhocal scoir:
“Ba mhaith liom a chur in iúl go soiléir mar Aire go bhfuilim tiomanta do dhul chun cinn suntasach a dhéanamh ar athchóirithe ceartais teaghlaigh.”
Nótaí d’Eagarthóirí
- Foilsíodh an chéad Straitéis Ceartais Teaghlaigh i mí na Samhna 2022.
- Tá cur chun feidhme na straitéise á stiúradh ag an nGrúpa Forfheidhmithe Ceartais Teaghlaigh, atá comhdhéanta d’ionadaithe ón tSeirbhís Chúirteanna, ón Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, ó na Breithiúna, agus ó Chomhlachas na gCláraitheoirí Contae.
- Gealladh sa Straitéis go mbunófaí Fóram Forbartha Ceartais Teaghlaigh, atá faoi chathaoirleacht an Aire agus a thagann le chéile dhá uair sa bhliain de ghnáth.
- Tá an Fóram ina dheis na geallsealbhóirí leasmhara uile a chur ar an eolas faoin bpróiseas cur chun feidhme agus faoi na príomh-shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse an cheartais teaghlaigh, agus tá sé ina dheis dóibh freisin páirt a ghlacadh go díreach sa phróiseas sin.
- Tá sé ina dheis freisin don Ghrúpa Forfheidhmithe Ceartais Teaghlaigh caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí maidir le saincheisteanna nó píosaí oibre ar leith a bhaineann leis na gníomhartha atá leagtha amach sa Straitéis.
- Is féidir na Treoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí a rochtain anseo: https://www.gov.ie/en/department-of-justice-home-affairs-and-migration/campaigns/child-maintenance/
- Report_on_the_Consultation_on_Child_Maintenance_Guidelines.pdf
- Beidh an tairiscint le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí an treoirthionscadail um Abhcóide Cúirte Leanaí ar oscailt go dtí an 4 Feabhra 2026 agus is féidir í a rochtain anseo: European Dynamics - Notice & Tender Documents
- Tá leathanach nua Ceartais Teaghlaigh beo anois ar mhol nua eolaire seirbhísí Choistí Seirbhísí Bhaile Átha Cliath do Leanaí agus do Dhaoine Óga: Ceartas Teaghlaigh – Mol Choistí Seirbhísí Bhaile Átha Cliath do Leanaí agus do Dhaoine Óga
- Athbhreithniú Comparáideach ar Threoirlínte maidir le Cothabháil Leanaí
Leis an leathanach tiomnaithe seo, tugtar liosta soiléir de sheirbhísí agus tacaí do theaghlaigh agus do ghairmithe le chéile san aon áit amháin atá éasca le nascleanúint. Tá sé ceaptha chun cabhrú le húsáideoirí na tacaí cearta a aimsiú go tapa i sé phríomhréimse, lena n-áirítear:
- Faisnéis Dhlíthiúil, Comhairle agus Idirghabháil
- Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe
- Tacaí Tuismitheoireachta agus Teaghlaigh
- Tacaíocht do Leanaí agus do Dhaoine Óga
- Meabhairshláinte agus Folláine Mhothúchánach
- Tacaí Airgeadais agus Praiticiúla
Is féidir teacht ar na ráitis tosaigh ón Aire Séamas Ó Ceallacháin ag an bhFóram Forbartha Ceartais Teaghlaigh anseo.