Seolann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála an Measúnú Riosca Náisiúnta Cibearshlándála 2025, ina nochtar Tírdhreach Bagairtí a bhíonn ag Méadú
- Foilsithe: 2 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
- Tá cibir-rioscaí mearathraitheachaag cur bhonneagar criticiúil na tíre i mbaol
Sheol an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála an Measúnú Riosca Náisiúnta Cibearshlándála 2025 uaidh inniu. Is athbhreithniú cuimsitheach é sin ar na cibearbhagairtí, na rioscaí sistéamacha agus na leochaileachtaí earnálacha atá os comhair an Stáit.
Seoladh an measúnú ag comhdháil bhliantúil an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála agus tugtar ann an forbhreathnú náisiúnta is mionsonraithe go dtí seo ar thimpeallacht cibir-rioscaí na hÉireann agus tógtar leis ar an mbunobair a rinneadh le measúnú na bliana 2022.
Sa mheasúnú, sainaithnítear na príomhfhorbairtí sa tírdhreach náisiúnta agus domhanda cibearbhagairtí, lena n-áirítear gníomhaíocht náisiúnstáit a bhíonn ag éirí níos sofaisticiúla, luas méadaitheach na cibearchoireachta, agus an dóchúlacht mhéadaitheach go mbeidh tionchair chascáideacha ann ar fud earnálacha idirnasctha amhail an earnáil fuinnimh, an earnáil iompair, an earnáil cúram sláinte agus an earnáil seirbhísí airgeadais.
D’fháiltigh Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, roimh sheoladh an Mheasúnaithe Riosca:
“Tá bonneagar digiteach na hÉireann mar bhonn agus thaca ag gach earnáil dár sochaí, agus é ag soláthar seirbhísí riachtanacha a choinníonn ár n-ospidéil, ár n-iompar poiblí, ár gcumarsáid agus ár soláthar fuinnimh ag feidhmiú. Is féidir leis an gcibearchoireacht iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aici. Chun ár slándáil agus ár n-athléimneacht fhoriomlán a chosaint, is bunriachtanas é freagairtí cuimsitheacha a shainaithint agus a fhorbairt do na rioscaí a chuireann na seirbhísí sin i mbaol. Tapaíonn cibearchoirpigh na deiseanna a fhaigheann siad, bíonn siad spreagtha ag gnóthachan airgeadais agus lorgaíonn siad i gcónaí laigí sa chibearshlándáil, agus iad ag déanamh dúshaothrú ar íospartaigh trí úsáid a bhaint as innealtóireacht shóisialta, as camscéimeanna calaoise ar líne agus as bogearraí éirice chun airgead nó sonraí a ghoid.”
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:
“Bíonn athléimneacht slándála náisiúnta na hÉireann ag brath níos mó agus níos mó ar shláine, infhaighteacht agus slándáil a bonneagair dhigitigh. Léirítear go soiléir sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta Cibearshlándála 2025 seo go mbíonn cibir-rioscaí ag athrú go mear agus go bhfuil neamhchosaint a bhíonn ag dul i méid os comhair ár mbonneagair chriticiúil, ár gcóras rialtais agus ár sochaí ina hiomláine. Tá an tuarascáil ina bonn fianaise riachtanach le haghaidh ullmhacht, athléimneacht agus freagairt straitéiseach na hÉireann do na bagairtí sin a neartú.”
Áirítear na nithe seo a leanas le príomhfhionnachtana an Mheasúnaithe Riosca Náisiúnta Cibearshlándála 2025:
De réir mar atá an teicneolaíocht ag teacht chun cinn agus atá an spleáchas ar an digitiú ag méadú, tá an tírdhreach cibearbhagairtí ag éirí níos casta, agus baol méadaithe ann go dtarlóidh teagmhais, rud ba chúis le tionchair shuntasacha thrasearnála.
Agus cur chuige guaiseacha uile á ghlacadh aige, sainaithníodh trí phríomhriosca shistéamacha sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta Cibearshlándála 2025:
- an timpeallacht gheopholaitiúil dhinimiciúil,
- an teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn agus a himpleachtaí ar an tslándáil,
- slándáil an tslabhra soláthair.
Dá mba rud é go dtarlódh aon cheann de na rioscaí sin nó iad go léir, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de sholáthar seirbhísí riachtanacha ag Éirinn, cur isteach ar a hearnálacha criticiúla, agus baint den mhuinín as an rialtas, as institiúidí agus as eagraíochtaí.
Chun na rioscaí sainaitheanta os comhair na hÉireann a mhaolú, sainaithníodh cúig mholadh:
- Infheictheacht agus brathadóireacht a neartú – is é an toradh a bheidh ar infheistíocht a dhéanamh i gcórais agus i struchtúir chun an infheictheacht náisiúnta a mhéadú ná go laghdófar caochspotaí sistéamacha agus go gcuirfear an Stát i riocht níos fearr chun rioscaí a réamh-mheas agus freagairt dóibh sula n-éiríonn siad níos measa.
- Inniúlachtaí réamhghníomhacha cibearchosanta a chur chun feidhme – ní leor freagairtí frithghníomhacha ina n-aonar chun an tsochaí agus an geilleagar a chosaint ar na héifeachtaí cascáideacha a d’fhéadfadh a bheith ag ionsaithe ar chórais chriticiúla. Ní mór d’Éirinn a staid cibearchosanta a fheabhsú, agus í ag cur isteach ar shaolré an chibirionsaithe tráth níos luaithe chun teagmhais mhórscála a chosc.
- An athléimneacht náisiúnta a mhéadú – trí chreataí AE a chur chun feidhme go hiomlán agus trí athléimneacht a leathnú thar an mbonneagar agus chuig an tsochaí í féin, cinnteoidh Éire go mbeidh seirbhísí agus institiúidí daonlathacha araon láidir fós in aghaidh cibir-rioscaí sistéamacha.
- Slabhraí criticiúla soláthair a dhaingniú – ní mór don Stát ár slabhra soláthair a neartú trí rialacha soláthair a neartú sa rialtas, cleachtais slándála de réir dearaidh agus cleachtais bainistíochta riosca a leabú, agus infheictheacht úinéireacht na ndíoltóirí a mhéadú.
- Infheistiú i gcibear-athléimneacht náisiúnta – cinnteofar le hinfheistíocht i ndaoine, sa nuálaíocht agus inár mbonn tionsclaíoch dúchasach go mbeidh an cumas ag Éirinn chun freagairt do bhagairtí an lae inniu agus chun an chéad ghlúin eile de bhearta athléimneachta a réamh-mheas agus a mhúnlú.
Beidh na moltaí sin ina gcreat le haghaidh na chéad Straitéise Náisiúnta Cibearshlándála eile, á chinntiú go laghdófar leochaileachtaí sistéamacha agus go neartófar an athléimneacht náisiúnta.
Tá an Measúnú Riosca Náisiúnta Cibearshlándála, 2025, ar fáil anseo.
CRÍOCH...///
Déan teagmháil le:
An Phreasoifig, an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
Ríomhphost: pressoffice@justice.ie. Fón: (01) 602 8358
Maidir leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála
Géag oibríochtúil de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce is ea an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Tá freagracht air as dul i gceannas ar mhórtheagmhais chibearshlándála a bhainistiú ar fud an rialtais, as treoir agus comhairle a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, agus as caidreamh idirnáisiúnta láidir a fhorbairt sa phobal domhanda cibearshlándála chun faisnéis a chomhroinnt.