Ráiteas ó Heather Humphreys TD, An tAire Dlí agus Cirt
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Feabhra 2023
"Cuirim mo bheannacht chuig an mbeirt chomhaltaí den Gharda Síochána a gortaíodh le linn dóibh freagra a thabhairt ar eachtra a tharla i mBaile Bhlainséir tráthnóna. Cuirim mo bheannacht freisin chuig a muintir.
Rinne mé teagmháil le Coimisinéir an Gharda Síochána, agus tá mé sásta a chloisteáil gur réitíodh an cás seo i ndiaidh idirbheartaíochta. Ba mhaith liom moladh mór a thabhairt do na Gardaí go léir a bhí páirteach agus a chinntigh nár gortaíodh aon duine eile.
Meabhraíonn eachtraí uafásacha den chineál sin dúinn an chontúirt ina mbíonn fir agus mná an Gharda Síochána gach lá. Ní féidir talamh slán a dhéanamh dá gcrógacht ná den tseirbhís dhíograiseach a chuireann siad ar fáil don phobal.
Cuireann siadsan an tseirbhís a chuireann siad ar fáil do mhuintir na hÉireann, cosaint mhuintir na tíre agus dualgas don stát chun cinn orthu féin gach uair a gcuireann siad orthu éide an Gharda Síochána.
Tá fiosrúchán ar bun anois faoin eachtra agus iarraim ar aon duine den phobal a bhfuil eolas nó píosaí scannánaíochta acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Bhaile Bhlainséir."
CRÍOCH