Seolann an tAire Séamus Ó Ceallacháin feachtas feasachta na bliana 2025 ina spriocdhírítear ar mhí-úsáid tinte ealaíne neamhdhleathacha
- Foilsithe: 27 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2026
- feachtas feasachta ar fud na tíre chun rabhadh a thabhairt faoi na rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le tinte ealaíne neamhdhleathacha
- féadfar fíneálacha suas le €10,000 agus téarma príosúnachta suas le 5 bliana a fhorchur i gcás go bhfuil tinte ealaíne ina s(h)eilbh ag duine le hintinn iad a dhíol nó a sholáthar, nó i gcás go gciontaítear duine i dtine ealaíne adhainte a chaitheamh ar dhuine nó ar mhaoin
- seoladh an feachtas i gcomhoibriú leis an nGarda Síochána, le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe (ISPCA), le Cumann na hÉireann um Madraí Treorach, agus le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Sheol an tAire Séamas Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, feachtas náisiúnta múscailte feasachta inniu chun rabhadh a thabhairt faoi na contúirtí tromchúiseacha arb iad tinte ealaíne neamhdhleathacha is cúis leo agus chun na pionóis dhiana a fhorchuirfear as iad a mhí-úsáid a chur in iúl.
Seoladh an feachtas i gcomhoibriú leis an nGarda Síochána, le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe (ISPCA), le Cumann na hÉireann um Madraí Treorach, agus le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ag Ionad Traenála Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath in Marino. Bhí ionadaithe ón Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail i láthair freisin.
Trína Feachtas bliantúil Múscailte Feasachta ar Thinte Ealaíne, imríonn an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ról suntasach sa phobal a chur ar an eolas faoin riosca a bhaineann le tinte ealaíne neamhdhleathacha, faoi na héifeachtaí dochracha a bhíonn acu ar a lán daoine inár bpobail, agus faoi na rialacha maidir le hiad a úsáid.
Cuirtear in iúl agus taispeántar san fheachtas an chontúirt fhisiciúil agus an t-anó mothúchánach arb iad tinte ealaíne neamhdhleathacha is cúis leo inár bpobail. Féadfar fíneálacha suas le €10,000 agus téarma príosúnachta suas le 5 bliana a fhorchur ort má tá tinte ealaíne i do sheilbh agat le hintinn iad a dhíol nó a sholáthar, nó má chiontaítear thú i dtine ealaíne adhainte a chaitheamh ar dhuine nó ar mhaoin.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Ó Ceallacháin:
“Cé gur féidir le hOíche Shamhna a bheith ina hócáid thaitneamhach dár bpobail, is eol dúinn freisin gur féidir le húsáid tinte ealaíne neamhdhleathacha an tráth seo sa bhliain cur go mór as daoine.
“Ina lán cásanna, ní dhéanann daoine a cheannaíonn agus a úsáideann tinte ealaíne neamhdhleathacha a machnamh a dhéanamh go hiomlán ar an drochthionchar ar féidir leis na tinte ealaíne sin a bheith acu ina limistéar áitiúil agus ar a gcomharsana. Is eol dúinn freisin go bhfuil siad ina n-údar mór riosca do shláinte agus sábháilteacht daoine óga, daoine scothaosta agus daoine leochaileacha. Cuireann siad scéin i bpeataí teaghlaigh, i madraí seirbhíse agus in ainmhithe eile freisin.
“Is féidir a fheiceáil ón bhfeachtas seo, agus ó na pionóis a fhorchuirfear ar dhaoine as tinte ealaíne a mhí-úsáid, cé chomh dáiríre agus atáimid faoi dhéileáil leis an gcineál sin iompraíochta. Táim ag moladh do dhaoine smaoineamh go géar sula n-úsáideann siad tinte ealaíne i mbliana. Táim ag iarraidh ar dhaoine a machnamh a dhéanamh ar na daoine a mbeidh tionchar indíreach ag a ngníomhartha le linn thréimhse Oíche Shamhna orthu.”
Chomh maith leis sin, mhol an tAire Ó Ceallacháin an méid a rannchuidigh ISPCA, Cumann na hÉireann um Madraí Treorach, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus an Garda Síochána leis an bhfeachtas.
Thug Greg O’Dwyer, Leas-Phríomhoifigeach Dóiteáin Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, rabhadh faoi na díobhálacha fisiciúla millteanacha ar féidir le tinte ealaíne a bheith mar chúis leo, agus mhol sé do dhaoine gan freastal ach ar thaispeántais tinte ealaíne atá eagraithe go hoifigiúil an Oíche Shamhna seo. Dúirt sé:
“Bhí ar Chomhraiceoirí Dóiteáin agus Paraimhíochaineoirí de chuid Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath déileáil thar na blianta le roinnt díobhálacha uafásacha arbh iad tinte ealaíne neamhdhleathacha ba chúis leo. Is féidir leis na díobhálacha sin tarlú trí thinte ealaíne a bheith ag pléascadh i bpóca duine óig, rud is cúis le dónna troma ar a gcos, nó trí iad a bheith ag pléascadh ina lámha, rud is cúis le máchail ar a méara. Is féidir leo tarlú de dheasca diúracáin ó thinte cnámh freisin, fiú, nuair a bhuaileann na diúracáin sin aghaidh daoine, rud is cúis le díobhálacha tromchúiseacha aghaidhe agus súl. D’fhéadfadh na cineálacha díobhálacha uile sin saol daoine a athrú, nó rud ní ba mheasa fós a dhéanamh.
“Ar an dea-uair, tá laghdú feicthe againn sna cineálacha díobhálacha sin le blianta beaga anuas, rud a tharla den chuid is mó mar gheall ar an méadú sa líon imeachtaí tinte ealaíne atá eagraithe go hoifigiúil, arb imeachtaí iad a chuireann timpeallacht spraíúil agus shábháilte ar fáil. Mholfaimis do gach tuismitheoir agus do gach duine óg suíomhanna Gréasáin a n-údaráis áitiúil, na meáin shóisialta agus grúpaí pobail áitiúla a sheiceáil chun na himeachtaí sin a aimsiú ionas go mbeidh gach duine in ann a bheith sábháilte agus fanacht sábháilte ar fud thréimhse Oíche Shamhna.”
Tharraing Tim O’Mahony, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann na hÉireann um Madraí Treorach, aird ar na contúirtí a bhaineann le hOíche Shamhna do Mhadraí Treorach agus Cuidithe agus dá n-úinéirí:
“Is féidir le hOíche Shamhna a bheith ina tréimhse ina bhfuil faitíos agus míshuaimhneas ar úinéirí Madraí Treorach agus Cuidithe. Cé go bhfuil ár madraí rí-oilte chun déileáil le strus, tá an imní arb iad tinte ealaíne is cúis léi thar an imní a d’fhéadfadh aon mhadra a fhulaingt go réasúnach.
“Gach bliain, tuairiscíonn ár gcliaint ábhair imní roinnt seachtainí roimh an 31 Deireadh Fómhair agus, ina lán cásanna, tógann siad réamhchúraimí breise – amhail gan dul amach sa dorchadas – rud a chuireann iallach orthu a ngnáthghnáthaimh a athrú.
“Is minic a bhíonn ar ár dtraenálaithe obair le madraí chun dul i ngleic le héifeachtaí na dtinte ealaíne. I gcásanna áirithe, tá an tráma rómhór agus, d’ainneoin ár n-iarrachtaí is fearr, is gá an madra a tharraingt siar as seirbhís. Ansin, bíonn an t-úinéir thíos le caillteanas mór neamhspleáchais agus soghluaisteachta agus é nó í ag fanacht ar feadh tréimhse fhada go dtí go mbeidh madra oiriúnach eile aige nó aici.”
D’aontaigh Conor Dowling, Príomh-Chigire ISPCA, leis an méid sin. Dúirt sé:
“Tá Oíche Shamhna ina hócáid cheiliúrtha in Éirinn ó bhí an chianaois ann, ach is féidir léi a bheith ina húdar eagla agus contúirte d’ainmhithe, de dheasca úsáid tinte ealaíne neamhdhleathacha ina lán cásanna.
“Tá céadfaí an bholaidh agus na héisteachta i bhfad níos íogaire i measc an chuid is mó d’ainmhithe ná mar atá siad i measc daoine agus is féidir le hainmhithe cloisteáil ag minicíochtaí atá difriúil leo sin ag ar féidir linne a chloisteáil. Is féidir le radharc, fuaim agus boladh aduain na dtinte ealaíne cur as dóibh go mór.
“Tá ISPCA ag iarraidh ar dhaoine den phobal a machnamh a dhéanamh ar an anó agus na contúirtí a bhaineann le tinte ealaíne, ní hamháin do pheataí tí ach do bheostoc agus don fhiadhúlra freisin. Is féidir le húinéirí peataí na leideanna agus an chomhairle ar ár suíomh Gréasáin a leanúint maidir le conas is féidir leo a chinntiú go mbraitheann a bpeataí slán sábháilte, agus gach ainmhí a choinneáil sábháilte an Oíche Shamhna seo.”
Chomh maith leis an obair múscailte feasachta sa tréimhse roimh Oíche Shamhna, tá an Garda Síochána i mbun iarrachtaí breise chun allmhairiú, díol agus úsáid neamhdhleathach tinte ealaíne a chomhrac, ar a dtugtar ‘Oibríocht Tombola’.
Troideann Oibríocht Tombola in aghaidh allmhairiú, díol agus dáileadh tinte ealaíne neamhdhleathacha, trí oibríochtaí atá faoi stiúir ag faisnéis, trí chuairteanna ar imeachtaí áitiúla díolacháin as búit cairr, agus trí chuardaigh agus urghabhálacha tinte ealaíne. Chomh maith leis sin, díríonn sí ar an ainriail phoiblí agus iompraíocht fhrithshóisialta ghaolmhar a chosc trí acmhainní a imscaradh de réir a chéile.
Ag labhairt dó ag seoladh an lae inniu, dúirt an Cigire Ciaran Nunan ó Bhiúró Náisiúnta Rannpháirtíochta Pobail an Gharda Síochána:
“Ócáid teaghlaigh lena ngabhann sceitimíní agus spraoi do gach duine, idir óg agus aosta, is ea Oíche Shamhna. Táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí, go háirithe iad siúd a bhfuil leanaí óga acu, a bheith ar an eolas faoin gcontúirt thromchúiseach a bhaineann le tinte ealaíne agus faoin dóigh a gcuireann siad isteach ar phobail.
“Tá tinte ealaíne neamhdhleathach, agus ní mór do dhaoine óga go háirithe a bheith ar an eolas go hiomlán gur cion coiriúil é tine ealaíne adhainte a chaitheamh nó a dhíriú ar aon duine nó ar aon mhaoin. Sna seachtainí atá le teacht, beidh Gardaí Póilíneachta Pobail ag tabhairt cuairt ar scoileanna chun labhairt le leanaí faoi na contúirtí agus na cionta coiriúla a bhaineann le tinte ealaíne.
“Beidh an Garda Síochána ag spriocdhíriú go réamhghníomhach ar an soláthar tinte ealaíne neamhdhleathacha nó neamhcheadúnaithe faoinár n-oibríocht náisiúnta, mar atá ‘Oibríocht Tombola’. Urghabhtar tinte ealaíne neamhdhleathacha chun iompraíocht fhrithshóisialta agus teagmhais chontúirteacha a chosc, lena n-áirítear díobháil fhéideartha, agus ionchúiseoimid na daoine sin atá freagrach.
“Má bhíonn aon fhaisnéis agat a bhaineann le díol nó soláthar tinte ealaíne neamhdhleathacha nó neamhcheadúnaithe, déan teagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil nó labhair linn ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111. Dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfaí cosc a chur ar dhíobháil thromchúiseach do leanbh óg i mbliana.”
Mar fhocal scoir, mhol an tAire Séamus Ó Ceallacháin d’aon daoine a bhfuil fonn orthu tinte ealaíne a úsáid an Oíche Shamhna seo a machnamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag a ngníomhartha orthu féin agus ar an bpobal i gcoitinne. Dúirt sé:
“Cloisimid go rómhinic faoi dhaoine óga a d’fhulaing díobhálacha mar gheall ar thinte ealaíne. Tá na teagmhais sin ina gcúis le brú ollmhór breise ar ár seirbhísí éigeandála agus ar ár n-oibrithe túslíne an tráth seo sa bhliain, rud a chuireann gach duine dínn i mbaol.”
Nótaí
Déantar allmhairiú tine ealaíne a rialú faoin dlí ar mhaithe leis an tsábháilteacht agus leis an tslándáil. Le beartas an rialtais, cuirtear srian ar an bhfáil ar gach tine ealaíne ghuaiseach don phobal. Ní eisíonn an roinn ceadúnais faoin Explosives Act ach amháin le haghaidh allmhairiú tinte ealaíne atá le húsáid i dtaispeántais eagraithe arna seoladh ag oibritheoirí gairmiúla agus inniúla.
Ar na samplaí de na pionóis a fhéadfar a fhorchur tá fíneáil suas le €10,000 agus téarma príosúnachta suas le cúig bliana má chiontaítear duine i dtinte ealaíne a bheith ina s(h)eilbh aige/aici le hintinn iad a dhíol nó a sholáthar. Dlífear an pionós dian céanna freisin a fhorchur i leith tinte ealaíne a adhaint nó tine ealaíne adhainte a chaitheamh ar dhuine nó ar mhaoin. Tá na pionóis sin ina léiriú ar an tromchúis a bhaineann le sáruithe ar an reachtaíocht lena rialaítear allmhairiú agus úsáid tinte ealaíne.