Iarratas ar fhaisnéis faoi chionta in aghaidh linbh nó duine shoghonta a choimeád siar a thuairisciú
-
Ó: An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce; An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais
- Foilsithe: 16 Feabhra 2018
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
- Cad é seo
- Critéir le haghaidh Eagraíochtaí Forordaithe
- Critéir le haghaidh Daoine Forordaithe
- Conas iarratas a dhéanamh
Cad é seo
Déan iarratas ar theacht chun bheith i do dhuine forordaithe nó i d’eagraíocht fhorordaithe chun faisnéis faoi chionta in aghaidh leanaí agus daoine soghonta a choimeád siar a thuairisciú.
Soláthraíonn daoine forordaithe nó eagraíochtaí forordaithe anaithnideacht d’íospartaigh nach mian leo cion a thuairisciú don Gharda Síochána agus cinntíonn siad nach gcuirtear ina luí ar íospartaigh gan cóireáil nó teiripe a lorg i ndáil le haon díobhálacha nó dochar a bhain dóibh.
Critéir le haghaidh Eagraíochtaí Forordaithe
Ní mór d’eagraíocht seirbhísí a sholáthar do leanaí nó do dhaoine soghonta ar bhain díobháil nó dochar dóibh de dheasca drochúsáid fhisiciúil nó ghnéasach. Ní mór na seirbhísí sin a bheith bainteach leo seo a leanas:
- fadhbanna pearsanta, sóisialta nó síceolaíocha a réiteach, trí bhíthin treorach nó comhairliúcháin nó ar shlí eile
- cúram a thabhairt do dhaoine a bhfuil gá acu le cosaint, treoir nó tacaíocht, ar seirbhísí iad a n-éilítear ar dhuine a sholáthraíonn iad scil nó breithiúnas a fheidhmiú i ndáil leo
Critéir le haghaidh Daoine Forordaithe
Chun go bhforordófaí catagóir daoine nó aicme daoine, ní foláir dóibh a bheith ag soláthar seirbhísí do leanaí nó do dhaoine soghonta ar bhain díobháil nó dochar dóibh de dheasca mí-úsáid fhisiciúil nó ghnéasach.
Maidir le daoine a sholáthraíonn seirbhísí níos ginearálta, amhail seirbhísí riaracháin, seirbhísí cóiríochta cónaithe, seirbhísí baile nó seirbhísí lónadóireachta, ní mheasfaí iad a bheith incháilithe.
Conas iarratas a dhéanamh
Féadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ar theacht chun bheith forordaithe trí Chuid A den iarratas thíos a chomhlánú. Féadfaidh duine laistigh d’eagraíocht iarratas a dhéanamh ar theacht chun bheith ina dhuine forordaithe trí Chuid B den iarratas thíos a chomhlánú. Seol d’iarratas comhlánaithe chuig:
An tUas. David Brennan
- Seoladh:
- An Rannán Dlí Choiriúil, An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Teach Montague, Sráid Montague, Baile Átha Cliath
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
00 353 1 602 8202