Iarratas a Dhéanamh ar Chead Cearrbhachais

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a Dhéanamh ar Chead Cearrbhachais


Cad is cearrbhachas ann

Is é is cearrbhachas ann ná cluiche a imríonn tú – lena mbaineann scil nó seans – ina n-íocann tú geall as deis duais is fiú suas le €3,000 a bhuachan.

D’áireofaí iad seo a leanas, mar shampla, leis na cineálacha cearrbhachais ar dóigh dóibh a bheith i gceist:

  • comórtais phúil agus snúcair
  • comórtais dairteanna
  • cluichí cártaí
  • quizeanna tí tábhairne

Rialacha cearrbhachais

Ní dheonaítear ceadanna cearrbhachais:

  • i gcás aon chineál cearrbhachais inarb amhlaidh nach ionann, mar gheall ar chineál an chluiche, na seansanna atá ag na himreoirí uile, an baincéir san áireamh
  • cearrbhachas a chur chun cinn chun críocha carthanúla nó daonchairdiúla ar an lá céanna agus san áit chéanna ina bhfuil cearrbhachas á chur chun cinn le leas an tionscnóra féin freisin
  • cearrbhachas a chur chun cinn trí mheaisín cearrbhachais amhail meaisíní sliotáin toisc go dteastaíonn iarratas ar cheadúnas ar leith ina leith

Teorainneacha le geallta

Ní fhéadfaidh costas is mó ná €10 a bheith i gceist le méid geallta aon chluiche a chuirtear chun cinn faoi Chead Cearrbhachais.

Teorainneacha le duaiseanna

Ní ceadmhach an méid duaise iomlán d’aon chluiche a chuirtear chun cinn faoi Chead Cearrbhachais a bheith níos mó ná €3,000.

Déan iarratas

Ní mór an t-iarratas ar Chead Cearrbhachais a dhéanamh chuig Ceannfort an Gharda Síochána don dúiche ina bhfuil an t-áitreabh a bhfuil an cearrbhachas le déanamh ann suite. Maidir leis an iarratas:

  • ní mór é a dhéanamh ar an bhfoirm shonraithe
  • ní mór an táille fhorordaithe, más ann, a bheith ag gabháil leis (níl aon táille ann faoi láthair)
  • ní mór é a dhéanamh chuig Ceannfort an Gharda Síochána sa dúiche lena mbaineann tráth nach lú ná 60 lá roimh an gcéad lá ar a bhfuil sé beartaithe an cearrbhachas lena mbaineann an t-iarratas a chur chun cinn

Déanfaidh an Ceannfort cinneadh i dtaobh an ndeonófar nó an ndiúltófar an t-iarratas ar Chead laistigh de 28 lá ó dháta fála an iarratais.

Léigh tuilleadh mionsonraí faoi conas a dhéantar measúnú ar na hiarratais agus faoi na coinníollacha a bhaineann leis an gcead.

Costas an cheada

Níl aon táille ann faoi láthair as iarratas a dhéanamh ar Chead Cearrbhachais.

Foirm iarratais

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat