Iarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun pléascáin agus armlón mionarm a stóráil
- Foilsithe: 2 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2026
- Déan iarratas mar áitreabh cláraithe
- Déan iarratas ar cheadúnas stórais
- Déan iarratas ar cheadúnas monarchan nó armlainne
- Reachtaíocht Náisiúnta
- Mionsonraí teagmhála
- Treoirdhoiciméid
Faoin reachtaíocht náisiúnta um pléascáin, ní foláir pléascáin a stóráil i gceann amháin de na nithe seo a leanas:
- monarcha nó armlann cheadúnaithe
- stóras (arna cheadú ag an údarás áitiúil)
- áitreabh atá cláraithe le haghaidh pléascáin a choinneáil
Is ann do roinnt ceadúnas a bhféadfaidh tú iarratas a dhéanamh orthu:
- iarratas a dhéanamh mar áitreabh cláraithe
- iarratas a dhéanamh ar cheadúnas stórais
- iarratas a dhéanamh ar cheadúnas monarchan nó armlainne
Féach an fhaisnéis thíos faoi conas iarratas a dhéanamh ar gach ceann díobh.
Nóta: i gcás go bhfuil duine ina dhéileálaí cláraithe arm tine nó ina déileálaí cláraithe arm tine (faoi Achtanna na nArm Tine), glactar leis uaireanta, agus dul amú, go bhfuil áitreabh an duine sin cláraithe go huathoibríoch le haghaidh stóráil faoin Explosives Act freisin. I ndáiríre, áfach, is dhá phíosa reachtaíochta ar leith iad sin. Is gá do dhéileálaí cláraithe arm tine áitreabh cláraithe nó stóras údaráis áitiúil a bheith aige nó aici le haghaidh a stoic armlóin a choinneáil.
Déan iarratas mar áitreabh cláraithe
Ní foláir duit do chlárúchán a athnuachan gach bliain. Tá dhá mhodh stórála ann le haghaidh áitribh chláraithe, agus tá teorainneacha difriúla ag baint leis an dá cheann díobh:
- Modh A: foirgneamh substaintiúil (atá tógtha as brící, iarann, cloch nó coincréit nó tochailt i ndlúthcharraig) nó taisceadán dódhíonach atá tógtha go daingean agus atá scartha ó theach cónaithe agus atá suite fad sábháilte ar shiúl ó shráid nó ó áit phoiblí. Is é an teorainn phléascach ghinearálta ná 317 kg (700 punt) de ghlanmhéid pléascach i gcás armlón mionarm nó 90 kg (200 punt) de ghlanmhéid pléascach i gcás earraí piriteicniúla
- Modh B: gabhdán nó taisceadán substaintiúil atá suite laistigh de theach cónaithe nó de sheomra poiblí. Is é an teorainn phléascach ghinearálta ná 249 kg (550 punt) de ghlanmhéid pléascach i gcás armlón mionarm nó 22 kg (50 punt) de ghlanmhéid pléascach i gcás earraí piriteicniúla
Comhlánaigh na foirmeacha thíos agus seol iad ar ais chuig d’údarás áitiúil.
Déan iarratas ar cheadúnas stórais
Agus iarratas á dhéanamh ar cheadúnas stórais, ba cheart an fhoirm seo a léamh i gcomhar leis an Explosives Act 1875, leis an Ordú um Stórais do Phléascáin, 2007 (I.R. Uimh. 804 de 2007), agus leis an Doiciméad Treorach maidir le Sábháilteacht Dóiteáin i Stórais do Phléascáin.
Déan iarratas ar cheadúnas monarchan nó armlainne
Comhlánaigh an fhoirm thíos agus seol í ar ais chuig d’údarás áitiúil.
Reachtaíocht Náisiúnta
Mionsonraí teagmhála
Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil le hAonad Pléascán na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ag:
- teileafón: 01 4768625
- ríomhphost: explosives@justice.ie
Treoirdhoiciméid
Chun treoir a fháil maidir le ceanglais stórála agus bearta sábháilteachta, féach an doiciméad seo a leanas: