Iarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun airm thine a iompar tríd an Stát

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh ar cheadúnas chun airm thine a iompar tríd an Stát

Cad is ceadúnas iompair ann

I gcás go bhfuil duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtír eile ag iarraidh dul tríd an Stát seo agus arm tine aige nó aici, teastaíonn ceadúnas arna eisiúint ag an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce uaidh nó uaithi.

Tá Ceadúnas um ‘Iompar tríd an Stát’ infheidhme i gcás go bhfuil neamhchónaitheoir ag taisteal tríd an dlínse agus arm tine aige nó aici, gan an t-arm tine a úsáid. Sampla amháin de sin is ea cónaitheoir i dTuaisceart Éireann atá ag iarraidh taisteal agus airm thine aige nó aici agus atá ag eitilt amach ó Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Déan iarratas

Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas um ‘Iompar tríd an Stát’, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos agus seol í ar ais chuig:

An tAonad um Airm Thine agus Pléascáin a Cheadúnú, Beartas agus Cigireacht

Seoladh:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
Ríomhphost:

firearms@justice.ie

Teileafón:
+353 1 859 2288
Form TTS (Transit the State Licence Application)
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Más cónaitheoir i mBallstát den Aontas Eorpach (nó i dtír Eorpach eile atá faoi réir na Treorach ón Aontas Eorpach maidir le hAirm Thine) thú, ní foláir duit do Phas Arm Tine Eorpach bunaidh a sheoladh le casadh an phoist in éineacht leis an iarratas seo. Ní foláir gach arm tine ar an iarratas seo a bheith léirithe ar do Phas Arm Tine Eorpach freisin.

Mura cónaitheoir i mBallstát den Aontas Eorpach (nó i dtír Eorpach eile atá faoi réir na Treorach ón Aontas Eorpach maidir le hAirm Thine) thú, ní foláir duit cóipeanna a sheoladh de na deimhnithe arm tine atá agat do gach arm tine ar an iarratas seo. Más ballstát eile den Aontas Eorpach é do chéad cheann scríbe eile, ní foláir duit doiciméadacht a sholáthar á léiriú go bhfuil cead agat dul isteach sa Stát sin. Féadfaidh tú cóipeanna scanta inléite a sheoladh le casadh an phoist nó leis an ríomhphost.

Agus an t-iarratas á bhreithniú aici, beidh aird ag an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce ar shábháilteacht agus slándáil phoiblí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat