Iarratas a Dhéanamh ar Chead Crannchuir

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a Dhéanamh ar Chead Crannchuir


Cad is Cead Crannchuir ann

Le Ceadanna Crannchuir, ceadaítear crannchuir suas le luach uasta duaise is ionann agus €5,000 a chur chun cinn.

Féadfaidh cur chun cinn crannchuir faoi Chead a bheith:

  • le leas eagraíochtaí pobail, clubanna spóirt, agus carthanas
  • le leas an tionscnóra

Áirítear le crannchur gach comórtas ar airgead nó ar luach airgid ina ndéantar buillí faoi thuairim nó meastacháin ar imeachtaí amach anseo nó ar imeachtaí san am atá thart nach bhfuil a dtorthaí faighte amach fós nó nach eol iad go forleathan fós. Is cion é crannchur a chur chun cinn gan chead.

Áirítear iad seo a leanas le cineálacha crannchur:

  • raifilí
  • tarraingtí
  • scuaibín
  • biongó

De ghnáth, is ar bhonn fisiciúil nó ar bhonn talamhbhunaithe a sheoltar crannchuir a chuirtear chun cinn faoi Chead. Mar sin féin, níl aon toirmeasc ann ar an gcrannchur a chur chun cinn ar líne.

Teorainneacha le geallta

Féadfar ticéid le haghaidh crannchuir a chuirtear chun cinn faoi chead a dhíol ar €10 ar a mhéad in aghaidh an ticéid.

Teorainneacha le duaiseanna

Is socraithe ag méid uasta €5,000 atá an ciste duaise iomlán le haghaidh crannchur faoi chead. Tá feidhm ag an teorainn sin is cuma cé acu a chuirtear an crannchur chun cinn ar bhonn seachtainiúil nó a chuirtear chun cinn é ar bhonn tréimhsiúil eile.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór iarratas ar Chead Cearrbhachais a dhéanamh chuig Ceannfort an Gharda Síochána don dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine atá ag cur an chrannchuir chun cinn. Maidir leis an iarratas:

  • ní mór é a dhéanamh ar an bhfoirm shonraithe
  • ní mór an táille fhorordaithe, más ann, a bheith ag gabháil leis (níl aon táille ann faoi láthair)
  • ní mór é a dhéanamh chuig Ceannfort an Gharda Síochána sa dúiche lena mbaineann tráth nach lú ná 60 lá roimh an gcéad lá ar a bhfuil sé beartaithe an crannchur lena mbaineann an t-iarratas a chur chun cinn

Déanfaidh an Ceannfort cinneadh i dtaobh an ndeonófar nó an ndiúltófar an t-iarratas ar Chead laistigh de 28 lá ó dháta fála an iarratais.

Léigh tuilleadh faisnéise faoi conas a dhéantar measúnú ar na hiarratais agus faoi na coinníollacha a bhfuil feidhm acu.

Costas an cheada

Níl aon táille ann faoi láthair as iarratas a dhéanamh ar Chead Crannchuir.

Foirm iarratais

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat