Iarratas a dhéanamh ar chúiteamh as díobháil phearsanta a fulaingíodh le linn obair mar Gharda
- Foilsithe: 15 Feabhra 2018
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh
Comhaltaí den Gharda Síochána a d’fhulaing díobhálacha pearsanta (nach raibh mar chúis le bás) a rinneadh orthu go mailíseach agus iad i mbun a ndualgas, ag gníomhú ina gcáil ghinearálta mar chomhalta nuair nach raibh siad ar dualgas, nó díreach toisc gur comhalta den Gharda Síochána iad, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh.
An fhaisnéis a theastóidh uait
Beidh an fhaisnéis seo a leanas uait:
- ainm agus céim an iarratasóra (uimhir fhada)
- dáta scoir an iarratasóra (mura bhfuil sé nó sí ag fónamh a thuilleadh)
- seoladh poist agus ríomhphoist an iarratasóra/aturnae an iarratasóra
- an dáta a fulaingíodh na díobhálacha agus mionsonraí na ndíobhálacha agus na cóireála
- cén cineál dualgais a raibh an t-iarratasóir gafa leis nuair a rinneadh na díobhálacha
- suíomh agus imthosca na díobhála
Conas iarratas a dhéanamh
Ba cheart an fhoirm a sheoladh chuig an seoladh thíos, mar aon le Fógra Príobháideachta comhlánaithe:
Scéimeanna Cúitimh an Gharda Síochána
- Seoladh:
- Ceartas Coiriúil – Soláthar Seirbhíse, An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52