Iarratas a dhéanamh ar chothabháil a aisghabháil ón gcoigríoch
- Foilsithe: 1 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2026
- Conas íocaíochtaí tacaíochta a aisghabháil ón gcoigríoch
- Amharc ar fhoirmeacha AE nó íoslódáil iad
- Conas iarratas a dhéanamh
Conas íocaíochtaí tacaíochta a aisghabháil ón gcoigríoch
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí tacaíochta a aisghabháil ón gcoigríoch má tá an féichiúnaí ina chónaí nó ina cónaí i dtír den Aontas Eorpach (AE) nó i dtír a chuir a hainm le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le cothabháil nó le Coinbhinsiún na Háige maidir le cothabháil 2007.
Léigh liosta iomlán de na tíortha atá ag glacadh páirt i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.
Léigh liosta iomlán de na tíortha atá ag glacadh páirt i gCoinbhinsiún na Háige 2007.
Laistigh den Aontas Eorpach, tá Rialachán i bhfeidhm chun aisghabháil íocaíochtaí tacaíochta a éascú. Beidh duine a bhfuil ordú a tugadh i gcúirt Éireannach aige nó aici le haghaidh cothabháil a íoc in ann aisghabháil an mhéid sin a lorg i dtír eile den Aontas Eorpach (seachas an Danmhairg).
Gníomhaíonn an rannán um Oibríochtaí agus Soláthar Seirbhíse mar Údarás Lárnach in Éirinn le haghaidh cothabháil a aisghabháil ón gcoigríoch.
Tá an tseirbhís chéanna ar fáil dóibh sin i mBallstáit eile atá ag iarraidh aisghabháil cothabhála ó fhéichiúnaí atá ina chónaí nó ina cónaí in Éirinn.
Amharc ar fhoirmeacha AE nó íoslódáil iad
Is féidir leat freisin amharc ar fhoirmeacha iarratais i ndáil le cothabháil a aisghabháil idir tíortha den Aontas Eorpach agus na foirmeacha sin a íoslódáil.
Conas iarratas a dhéanamh
Féadfaidh aon duine ar mian leis nó léi iarratas a dhéanamh ar chothabháil lasmuigh den dlínse seo iarratas a dhéanamh tríd an Údarás Lárnach in Éirinn, ar choinníoll gur páirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe nó i gCoinbhinsiún na Háige 2007 í an tír ina bhfuil an féichiúnaí ina chónaí nó ina cónaí nó go bhfuil an féichiúnaí ina chónaí nó ina cónaí san Aontas Eorpach.
Más rud é go mbíonn aon cheisteanna agat nó gur mian leat iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála a bhunú nó a fhorfheidhmiú, is féidir foirm iarratais a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Údarás Lárnach in Éirinn tríd an ríomhphost, thar an teileafón nó i scríbhinn:
An tÚdarás Lárnach le haghaidh Aisghabháil Cothabhála ón gCoigríoch
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 859 2232