Bás a thuairisciú don Chróinéir

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Bás a thuairisciú don Chróinéir


Cén uair is ceart bás a thuairisciú

Ní mór na cineálacha básanna seo a leanas a thuairisciú don Chróinéir:

  • básanna atá tobann, mínádúrtha, foréigneach nó neamh-mhínithe (i gcás nach féidir le dochtúir Foirm Fógra Báis a shíniú)
  • básanna ar maidir leo nár thug an dochtúir cúram don duine éagtha sa mhí dheiridh
  • básanna i gcatagóirí áirithe eile

Cé a thuairiscíonn bás

Má tharla bás mar gheall ar chúiseanna nádúrtha

Is gnách go dtuairiscíonn Gairmí Cúram Sláinte bás don Chróinéir. Mar shampla, má tharla an bás mar gheall ar chúiseanna nádúrtha i dteach altranais nó más rud é nach bhfaca an dochtúir an duine éagtha, nó nár chuir sé/sí cóireáil ar an duine éagtha, laistigh de mhí roimh bhás an duine éagtha.

Má tharla bás mar gheall ar chúiseanna mínádúrtha

Más cosúil gur tharla bás mar gheall ar chúiseanna mínádúrtha, ba cheart é a thuairisciú do chomhalta den Gharda Síochána, a chuirfidh an Cróinéir ar an eolas.

Má bhaineann bás le COVID-19

Ní mór don dochtúir cóireála (nó do ghairmithe cúram sláinte in imthosca áirithe) básanna a bhaineann le COVID-19 a thuairisciú don Chróinéir ionas gur féidir leis an gCróinéir a imscrúdú an raibh cúiseanna nádúrtha leis an mbás. Mura gá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar an mbás, cuirfidh an Cróinéir an fiosrúchán i gcrích agus cuirfidh sé/sí na húdaráis sláinte poiblí ar an eolas. Féach thíos le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi bhásanna a bhaineann le COVID-19:

Treoirnóta Nuashonraithe ón tSeirbhís Chróinéara agus ó Chumann Cróinéirí na hÉireann maidir le básanna a bhaineann le COVID-19
Amharc amharc
Ceanglais Mhodhnaithe maidir le Fógairt Báis
Amharc amharc

Gach catagóir eile básanna

I ngach cás eile, ba cheart an bás a bheith tuairiscithe don Chróinéir ag na daoine seo a leanas:

  • dochtúir an duine éagtha
  • adhlacóir sochraide
  • Cláraitheoir na mBásanna

aon sealbhóir tí agus gach duine i mbun údaráis de chuid na hinstitiúide nó an áitribh ina raibh cónaí ar an duine a fuair bás tráth a b(h)áis

Bás a thuairisciú

Tuairiscítear bás trí theagmháil a dhéanamh le hoifig an Chróinéara sa limistéar inar tharla an bás. Aimsigh do Chróinéir áitiúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat