Éileamh ar Tháillí Abhcóide: Achomharc chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an Chúirt Chuarda
- Foilsithe: 1 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Cén uair a fhéadfar táillí a éileamh
Éilíonn abhcóidí i gcásanna coiriúla táillí nuair a shannann an chúirt iad mar abhcóidí. Féadfaidh abhcóidí a fheidhmíonn mar abhcóidí sa Chúirt Dúiche nó in achomhairc chuig an gCúirt Chuarda na táillí sin a éileamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ag bun an leathanaigh seo. Éilítear na táillí sin faoin Scéim Neamhreachtúil um Chúnamh Dlíthiúil Coiriúil don Chúirt Dúiche (Abhcóide).
Faisnéis nach mór d’abhcóidí a sholáthar
Ní mór d’abhcóidí an fhoirm thíos a líonadh isteach, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:
- ainm agus Uimhir an Deimhnithe um Chúnamh Dlíthiúil don duine ar deonaíodh an Deimhniú um Chúnamh Dlíthiúil (Cúirt Dúiche) (Abhcóide) dó nó di
- ainm agus suíomh na cúirte a dheonaigh an deimhniú um chúnamh dlíthiúil
- an dáta a deonaíodh an deimhniú um chúnamh dlíthiúil
- cás-uimhir na Cúirte Dúiche
- ainm an aturnae a sannadh de bhun an Deimhnithe um Chúnamh Dlíthiúil (Cúirt Dúiche)
- luaigh i dtéarmaí ginearálta an cúiseamh, nó na cúisimh, ar maidir leo a sannadh cúnamh dlíthiúil
- an táille abhcóide atá á héileamh – is táille aonair in aghaidh an cháis an táille is iníoctha
- dátaí na láithreas
Ní mór cuid a dó den fhoirm a bheith comhlánaithe ag Cléireach na Cúirte Dúiche, nó ag Cláraitheoir na Cúirte, de réir mar a bheidh, de chuid na cúirte inar éisteadh an cás, tar éis dó nó di na mionsonraí faoin gcás a comhlánaíodh i gcuid a haon a léamh.
Ní mór an deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cúirt dúiche) (abhcóide) a bheith ag gabháil leis an éileamh sin ar tháillí.
Íoslódáil an fhoirm
Agus í comhlánaithe, ba cheart an fhoirm seo a chur ar aghaidh chuig:
An Cuntasóir – An Rannóg um Íocaíochtaí Cúnaimh Dhlíthiúil Choiriúil
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Bóthar Pháirc na bhFianna, Cill Airne, Co. Chiarraí