Eallghlacadóirí: Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta d’Oibritheoirí Trastíre Lasmuigh den Stát
- Foilsithe: 4 Feabhra 2016
- An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2026
- Cén fáth nach foláir duit iarratas a dhéanamh
- Cé na daoine nach foláir dóibh iarratas a dhéanamh
- Cé na nithe nach foláir duit a sholáthar
- Foirmeacha iarratais
Cén fáth nach foláir duit iarratas a dhéanamh
Ní foláir do gheallghlacadóirí trastíre nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta ionas go bhféadfaidh siad oibriú. Ní fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Ceadúnas Geallghlacadóra a eisiúint ach amháin i gcás go mbeidh Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta ag an iarratasóir.
Ní foláir an t-iarratas a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce tar éis fógra a chur in dhá nuachtán laethúla náisiúnta.
Ní foláir an fógra agus an fhoirm iarratais a bheith san fhormáid atá sonraithe sna foirmeacha thíos. Tá na ceanglais iomlána atá ar iarratasóirí leagtha amach san Acht Gealltóireachta (Leasú), 2015.
Féadfaidh geallghlacadóirí cianda (ar líne) iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta d’Oibritheoir Cianda (ar Líne).
Féadfaidh geallghlacadóirí trastíre a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta d’Oibritheoir Trastíre Éireannach.
Cé na daoine nach foláir dóibh iarratas a dhéanamh
Deimhnítear leis an Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta gur duine cuí oiriúnach chun Ceadúnas Geallghlacadóra a shealbhú é nó í duine aonair nó an t-oifigeach iomchuí de chomhpháirtíocht nó de chomhlacht corpraithe.
Ní foláir do gach oifigeach iomchuí deimhniú a fháil.
Cé na nithe nach foláir duit a sholáthar
Ní foláir na nithe seo a leanas a bheith ag gabháil leis an bhfoirm iarratais:
- deimhniú i scríbhinn ó na hÚdaráis Phóilíneachta i dtír chónaithe an iarratasóra maidir le cé acu a ciontaíodh nó nár ciontaíodh an t-iarratasóir in aon chionta iomchuí sa dlínse sin (léigh alt 6 den Acht) (PDF, ó leathanach 18)
- leaganacha bunaidh de na fógraí nuachtáin ina ndearbhaítear go mbeartaíonn an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta, agus na fógraí curtha 14 lá ar a laghad roimh an lá a rinneadh an t-iarratas
- i gcás comhlachtaí corpraithe, Deimhniú Iniúchóra do na trí bliana seo a chuaigh thart dá bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu cuntais a chur isteach, mar aon le cuntais mhionsonraithe don tréimhse chéanna
- i gcás trádálaithe aonair, ráiteas cuntas iniúchta do na trí bliana seo a chuaigh thart
- cóip dheimhnithe d’aon cheadúnais reatha sa chatagóir is infheidhme arna n-eisiúint sa Stát nó i stát eile den Aontas Eorpach
Foirmeacha iarratais
Ní foláir an doiciméadacht ar fad a sheoladh chuig:
An tAonad um Rialú Cearrbhachais
- Seoladh:
- An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, 51 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, D02 HK52
- Teileafón:
-
+ 353 1 859 2232