Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cad atá le déanamh má fhaigheann duine bás ar shiúl ón mbaile

Más gá corp a bhaint d’Éirinn

Ní mór fógra a thabhairt don Chróinéir sa cheantar iomchuí más gá corp a bhaint d’Éirinn, is cuma cé acu a rinneadh fiosrúchán Cróinéara, scrúdú iarbháis nó ionchoisne nó nach ndearnadh.

Fiú más rud é go raibh bás mar gheall ar chúiseanna nádúrtha agus go raibh sé deimhnithe ag dochtúir (is é sin le rá nach cás Cróinéara a bhí ann ar dtús), ba cheart an Cróinéir a chur ar an eolas fós.

Cad is gá duit a dhéanamh

Déan teagmháil leis an gCróinéir a oibríonn sa cheantar ina bhfuil an corp.

Más deimhin leis an gCróinéir cúis an bháis, eiseoidh sé/sí deimhniú, rud a eisítear chuig an stiúrthóir sochraide de ghnáth. Is féidir an deimhniú sin a thíolacadh d’údaráis chun go mbeifear in ann an corp a bhaint den tír.

Más gá corp a thabhairt ar ais go hÉirinn

Má thugtar corp ar ais go hÉirinn, ní bheidh aon bhaint ag an gCróinéir leis de ghnáth, seachas i gcás go bhfuair an duine bás in imthosca mínádúrtha thar lear.

Cad is gá duit a dhéanamh

Má fuair an duine bás in imthosca mínádúrtha, ní mór an Cróinéir atá ceaptha don cheantar a dtugtar an corp chuige a chur ar an eolas.

Tabharfaidh an Cróinéir údarú don Stiúrthóir Sochraide chun an corp a adhlacadh nó a chréamadh. I roinnt cásanna, féadfaidh an Cróinéir scrúdú iarbháis (nó scrúdú breise) ar an gcorp a ordú.

Faisnéis ghaolmhar: Bás a Tharla i dTír Eachtrach a Thuairisciú

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat