Liúntais a éileamh mar fhinné a d’fhreastail ar an gcúirt thar ceann na cosanta
- Foilsithe: 15 Feabhra 2018
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
- Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh
- Cé na nithe a bhféadfaidh tú éileamh a dhéanamh ina leith
- Conas iarratas a dhéanamh
Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh
Féadfaidh finnéithe a toghaireadh agus a d’fhreastail ar an gcúirt chun fianaise a thabhairt thar ceann na cosanta ag éisteacht cáis inar deonaíodh cúnamh dlíthiúil in aisce iarratas a dhéanamh ar an liúntas seo.
Cé na nithe a bhféadfaidh tú éileamh a dhéanamh ina leith
Féadfaidh finnéithe éileamh a dhéanamh ina leith seo a leanas:
- caillteanas pá nó tuarastail
- cothú
- caiteachais taistil
Conas iarratas a dhéanamh
Íoslódáil an fhoirm thíos agus líon isteach Cuid 1. Ansin, ní mór duit an fhoirm a thabhairt don Aturnae, a thabharfaidh í do Chléireach na Cúirte Dúiche, don Chláraitheoir Contae, nó don Chláraitheoir. Sa deireadh, measúnóidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí, Gnóthaí Baile agus Imirce an fhoirm. Má éiríonn le d’iarratas, déanfar teagmháil leat leis an bpost.